Savita Halappanavar (Gaillimh, 1981-2012)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Savita Halappanavar
Savita Halappanavar mural, Dublin.jpg
Saol
Eolas breitheBagalkot (en) Aistrigh, 9 Meán Fómhair 1981
NáisiúntachtÉire
BásGaillimh, 28 Deireadh Fómhair 2012
Cúis bháisforced pregnancy (en) Aistrigh (seipticéime
forced pregnancy (en) Aistrigh)
Gairm
GairmFiaclóir
Agóid Savita Halappanavar, 17 Samhain 2012

Fiaclóir de shliocht Indiach, a bhí ina cónaí i nGaillimh, ab ea Savita Halappanavar (née Savita Andanappa Yalagi; 9 Meán Fómhair 198128 Deireadh Fómhair 2012). Bhásaigh Savita Halappanavar tar éis di páiste a bhí sí a iompar a chailleadh.

17 Samhain 2012

Bás 'de bharr míthapa'[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ospidéal na hOllscoile Gaillimh, áit a d'éag Halappanavar[1]

Aon bhliain déag is fiche a bhí Halappanavar sa bhliain 2012 agus  bhí páiste á iompar aici. Fuair Halappanavar "bás de bharr míthapa leighis”, an breithiúnas a thug an coiste cróinéara.[2] Mhair Coiste Cróinéara Halipanavar ocht lá. Bhí faillí á cur i leith an ospidéil.[3]

Ag tráth a báis, glacadh go forleathan leis gur éag sí mar nach raibh fáil aici ar ghinmhilleadh (nó foirceannadh toirchis).[4]

2018

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a fuair Savita bás in 2012, "cionn is gur diúltaíodh tobscor di", mhaígh an pobal in Éirinn nach ligfeadh dá leithéid tarlú arís.[5] Cuireadh brú ollmhór, ó lucht tacaíochta an ghinmhillte is a gcairde, i gcuid de na meáin reachtaíocht a thabhairt isteach bunaithe ar bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí i dtaobh "Chás X". Tháinig an reachtaíocht sin isteach in 2013.[4]

2013[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cáineadh roinnt cleachtas maidir le seirbhísí máithreachais in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh i dtuarascáil a d'fhoisigh an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte sa bhliain 2013.[6]

De bharr bás tubaisteach Savita Halappanavar sa bhliain 2012, chuir reachtaíocht nua le chéile, an Bille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis (2013). D'éirigh sé dleathach ginmhilleadh a cheadú suas go nóiméad na breithe, má chruthaítear go bhfuil beatha na máthar i mbaol, ag áireamh baol go gcuirfeadh sí lámh ina bás féin.[4]

Ach ina ainneoin sin, dúirt daoine áirithe ag an am, ní léir go sabhálfadh an reachtaíocht bean a bheadh sa chás céanna le Savita".[7]

2014[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 11 Meán Fómhair 2014, dúirt an FSS gur smachtaíodh naonúr oibrithe in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh mar gheall ar bhás Halappanavar.[8]

2015[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Grúpa Ospidéal an Iarthair agus an Iarthuaiscirt athbhreithniú ar an mbaint a bhí ag deich nduine is fiche le cúram na mná. Cinneadh nach raibh aon chás le cur in aghaidh duine is fiche acu (cé go raibh gníomh smachta ag dul don naonúr eile -féach 2014).[6]

2016[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh cás cúirte i gcoinne Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Bhí Praveen Halappanavar, fear céile Savita,  ina chónaí i Meiriceá ag an am sin. admhaigh an Fheidhmeannacht go raibh bás Savita Halapannavar éagórach. Bhí cás tugtha ag Praveen Halappanavar i gcoinne na Feidhmeannachta as faillí a dhéanamh i mbás a mhná céile. Admhaigh an Fheidhmeannacht ar 10 Márta 2016 go raibh bás Savita Halapannavar éagórach.[9]

2018ː leasú ar an mbunreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chinn an Rialtas ar 29 Eanáir 2018 go gcuirfí clásal nua in áit Airteagal 40.3.3 den Bhunreacht, nó an t-ochtú leasú mar a thugtar air go coitianta, a chuirfeadh ar chumas an Oireachtais reachtaíocht a thabhairt isteach a cheadódh ginmhilleadh in Éirinn.[10]


I reifreann ar an 25 Bealtaine 2018, vótáil muintir na hÉireann (66% i bhfabhar agus 34% i gcoinne) chun an tOchtú Leasú a aisghairm.[11] Glacadh leis an mBille um an Seú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018. D'fhonn na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 40.3.3 den bhunreacht a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina háit:

"Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun foirceannadh toirchis a rialáil."

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Guantanamó an HSE – Dialann ocht n-uaire déag ó Rannóg Éigeandála agus Timpistí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-28.
  2. Mise Áine (2018-05-17). "Mise Áine ag Rámhaille: Ginmhilleadh agus /nó Banmhilleadh?". Mise Áine ag Rámhaille. Dáta rochtana: 2021-10-28.
  3. Aonghus Ó Lochlainn (16 Aibreán 2018). "AN REIFREANN: ‘Bímis trócaireach tuisceanach agus déanaimis an tOchtú Leasú a aisghairm’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-28.
  4. 4.0 4.1 4.2 Pól Ó Meadhra (2016). "‘Seasaimis suas do chearta daonna agus fágaimis dlí an ghinmhillte mar atá’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-28.
  5. Fionnghuala Nic Roibeaird (Meitheamh 2016). "Tabhair dúinn an rogha! Léirsiú mór i mBéal Feirste Dé Sathairn" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2021-10-28.
  6. 6.0 6.1 Nuacht RTÉ (2014-09-11). "Foireann ospidéil smachtaithe i gcás Savita Halappanavar" (as ga). 
  7. beo.ie (EAGRÁN 148 · LÚNASA 2013). "Ginmhilleadh faoi Dheireadh ach an Leor é mar Réiteach". Dáta rochtana: 2018.
  8. "Eibhlín de Bhailís." (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2021-10-29.
  9. Nuacht RTÉ (2016-03-10). "Cás Praveen Halappanavar socraithe" (as ga). 
  10. tuairisc.ie (2018). "cinneadh-deanta-ag-an-rialtas-reifreann-a-ghairm-faoin-ochtu-leas". Dáta rochtana: 2018.
  11. oireachtas.ie (2018). "An Bille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht, 2018". Dáta rochtana: 2020.