Jump to content

Saunders Lewis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSaunders Lewis

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) John Saunders Lewis Cuir in eagar ar Wikidata
15 Deireadh Fómhair 1893
Wallasey, England (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Meán Fómhair 1985
91 bliana d'aois
Caerdydd, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Learphoill Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaithePenarth
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, léirmheastóir liteartha, drámadóir, file, polaiteoir, scríbhneoir, acadóir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraAmharclannaíocht
TeangachaAn Bhreatnais, an Fhraincis agus Béarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileMargaret Gilcriest (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMair Saunders Lewis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairLodwig Lewis (en) Aistrigh
Duine muintearthaSiwan Jones (gariníon) Cuir in eagar ar Wikidata


Musicbrainz: 68937a40-2e51-4ef8-b25b-85e5c0e91f21 Goodreads author: 1193327 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba pholaiteoir, drámadóir, file agus criticeoir liteartha Breatnach é Saunders Lewis (15 Deireadh Fómhair 1893 – 1 Meán Fómhair 1985). Meastar go forleathan gur duine de na daoine ba thábhachtaí sa litríocht Bhreatnaise sa bhfichiú haois é, agus go mór mór mar gheall ar an tionchar a bhí aige ar staid na Breatnaise mar theanga bheo.[1]

1973
Clawr Esther 1979
Portráid - Llosgi'r Ysgol Fomio - The Burning of the Bombing School 1936

Sa bhliain 1924 bhunaigh Lewis Y Mudiad Cymreig ("Gluaiseacht na Breatnaise") le grúpa beag náisiúnaithe. Sa bhliain 1925 bhunaigh siad le chéile Plaid Genedlaethol Cymru ("Páirtí Náisiúnta na Breataine Bige") ag Eisteddfod Náisiúnta Pwllheli — an páirtí ar a dtugtar Plaid Cymru inniu. Bhí Lewis ina uachtarán ar an bpáirtí ó 1926 go 1939.

Sa bhliain 1936 d'fhógair rialtas na Breataine go mbeadh campa traenála aerloingseoireachta le bunú ag Penyberth ar leithinis Llŷn i nGwynedd — áit a raibh tábhacht mhór cultúrtha léi. Tar éis don rialtas diúltú éisteacht le hagóidí, chuir Lewis, Lewis Valentine agus D.J. Williams tine sa bhfoirgneamh.

Sa bhliain 1939 d'éirigh Lewis as uachtaránacht Plaid Cymru, agus de réir a chuntais féin ba é a chreideamh Caitliceach ba chúis leis sin — ní raibh an Bhreatain Bheag réidh, dar leis, le ceannaire Caitliceach a ghlacadh.

Ba é an craoladh raidió Tynged yr Iaith ("Cinniúint na Teangan") a thug cáil bhuan ar Lewis. Craoltar é ar BBC Radio Wales i mí Feabhra 1962.

Chonaic Lewis gur ghá don náisiúnachas agus don athbheochan teanga dul roimh aon neamhspleáchas polaitiúil nó féinriail. Ba é an dearcadh a bhí ag Lewis ina chraoladh clúiteach Tynged Yr Iaith (cinniúnt na teangan) in 1962, gur buille marfach a bheadh ann dá mbainfí saoirse amach roimh don Bhreatnais stádas dleathach a bheith aici.

Dúirt an saoi gur réabhlóid a theastaigh, agus an cineál réabhlóide a bhí uaidh ná “gníomh díreach” le feachtas ar na sráideanna, easumhalaíocht shibhialta sna hearnálacha craoltóireachta, oideachais, comharthaíochta, rialtais, riaracháin agus dlí agus cirt. Gan sin, a mhaígh sé, bheadh an Bhreatnais marbh faoin bhliain 2000.[2]

Chuaigh an óráid áirithe seo go mór i bhfeidhm ar na Breatnaigh agus cuireadh Cymdeithas Yr Iaith Gymraeg (cumann theanga na Breatnaise) ar bun go luath ina dhiaidh sin.[1]

Mar thoradh ar an léacht, bunaíodh Cymdeithas yr Iaith Gymraeg (Cumann Teanga na Breatnaise) níos déanaí sa bhliain sin , a sheol feachtas sibhialta. Sa bhliain 1967, tugadh stádas comhionann don Bhreatnais agus don Bhéarla sa chóras dlí.

A shaothar liteartha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba drámadóir é Lewis ina chroílár. I measc a dhrámaí is cáiliúla tá Blodeuwedd (1925), Siwan (1956), Brad (1958) agus Esther (1960). D'aistrigh sé En attendant Godot le Samuel Beckett ón bhFraincis go Breatnais. Scríobh sé dhá úrscéal chomh maith, Monica (1930) agus Merch Gwern Hywel (1964).

Ina shaothar Braslun o hanes llenyddiaeth Gymraeg (1932), d'áitigh sé gurbh í an Reifirméisean, seachas ceannas Sasanach, ba mhó a rinne dochar do litríocht na Breatnaise.

Sa bhliain 1970 ainmníodh Lewis don Duais Nobel sa Litríocht.

Rugadh Lewis i Wallasey, ar leithinis Wirral (Learpholl) in iarthuaisceart Shasana, i dteaghlach Cailbhíneach Modhach ina labhraítí Breatnais. Nuair a bhí sé sé bliana d'aois, fuair a mháthair bás. D'fhreastail sé ar scoil Bhéarla in Liscard, áit ar tháinig sé i dteagmháil le litríocht Bhéarla den chéad uair. Músclaíodh a spéis i litríocht na hÉireann — W.B. Yeats, J.M. Synge agus Padraic Colum go háirithe — agus trí na scríbhneoirí sin, de réir a chuntais féin, thuig sé don chéad uair brí an náisiúnachais.

Chuaigh sé go hOllscoil Learphoill, áit ar bhuail sé le Margaret Gilcriest, Caitliceach Rómhánach ó Chontae Chill Mhantáin. Phós siad sa bhliain 1924 agus bhí iníon amháin acu.

Nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, chuaigh sé isteach san arm. Le linn na cogaíochta léigh sé saothair an Fhrancaigh Maurice Barrès, rud a thug dó léargas úr ar thábhacht a fhréamhacha Breatnaise. Gortaíodh go dona é i mí Aibreáin 1917, agus cailleadh a dheartháir Ludwig an bhliain chéanna.

Fuair Lewis bás i gCaerdydd an 1 Meán Fómhair 1985. Tá sé curtha i reilig Caitliceach Naomh Seosamh i bPenarth, in éineacht lena bhean chéile Margaret.

Vótáladh Lewis mar an deichiú laoch Breatnach is mó i vótáil phoiblí "100 Welsh Heroes" in 2004.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 Máirín Hurndall (2026-03-13). "Ar chuir muid an carr roimh an chapall?" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-03-14.
  2. Bhí líon na gcainteoirí Breatnaise tar éis titim ó 36% den daonra in 1931 go 26% in 1961.