Jump to content

Saoire thuismitheoireachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cuirtear saoire thuismitheora, saoire thuismitheoireachta agus / nó saoire do thuismitheoirí - ar fáil d'fhostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe in Éirinn agus thar lear. Ina theannta sin,

  • tá fostaithe mná i dteideal saoire mháithreachais, roimh agus i ndiaidh breithe a leanbh.[1]
  • tá aithreacha i dteideal saoire atharthachta a ghlacadh ón bhfostaíocht nó ón bhféinfhostaíocht i ndiaidh go saolaítear a leanbh nó a uchtaítear leanbh.

Ní leagtar amach sa reachtaíocht ach an teidlíocht íosta do shaoire thuismitheora nó thuismitheoireachta. Ag brath ar an chonradh fostaíochta, b’fhéidir go bhfuil cearta níos fairsinge ann i leith saoire thuismitheora nó thuismitheoireachta.

Saoire do thuismitheoirí in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saoire thuismitheora (parent’s leave)

Bronnann saoire thuismitheora in Éirinn ar gach tuismitheoir. Íoctar Sochar Tuismitheora ar feadh 9 seachtaine, agus iad a ghlacadh i rith chéad 2 bhliain de shaol linbh.[2]

Saoire thuismitheoireachta (parental leave)

Is féidir saoire thuismitheoireachta a ghlacadh - a mhéid le 26 seachtain - do gach leanbh go dtí a mbreithlá 12 bhliain d’aois. Má tá do dhóthain ranníocaíochtaí ASPC íoctha agat, gheobhaidh tú Sochar Cúramóra seachtainiúil €289 sa tseachtain. Íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) é seo. Níl dualgas ar fhostóirí fostaithe a íoc atá ar shaoire thuismitheora.[1][3] Féach ar an tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú), 2019.[4]

Saoire atharthachta

Foráiltear san Acht um Shaoire agus Sochar Atharthachta, 2016 do shaoire reachtúil atharthachta 2 sheachtain a ghlacadh.[5] Íoctar Sochar Atharthachta ar feadh 2 sheachtain. Níl dualgas ar fhostóirí fostaithe a íoc atá ar shaoire atharthachta.[6]

Tá an ráta a íoctar in Éirinn as na trí chineál saoire níos ísle ná mar atá in go leor stát Eorpach, é i bhfad níos airde i roinnt de na tíortha eile.[7]

Léirigh taighde ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas agus ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta go bhfuil rátaí glactha na sochar fós íseal. Níl ach leath d’aithreacha stát na 26 contae ag baint leas as saoire atharthachta agus glacann an ceathrú cuid d’fhir saoire thuismitheora i gcomparáid le dhá thrian de na máithreacha.  Bhí glacadh níos airde ina measc siúd atá ag obair i gcuideachtaí níos mó ina bhféadtar athsholáthar a bheith ar fáil níos éasca. Mura ndéanann an fostóir íocaíocht bhreise leis an ráta comhréir, is beag aithreacha ar féidir leo a gceart am saor ón obair a dheimhniú chun aire a thabhairt dá leanaí (ag ceann de na hamanna is costasaí do theaghlach óg).[7]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Citizensinformation.ie. "Saoire do thuismitheoirí" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-04-11.
  2. nó i gcás uchtála, laistigh de 2 bhliain i ndiaidh gur cuireadh an leanbh faoi chúram an teaghlaigh.
  3. "Níl ar d’fhostóir thú a íoc fad a bhíonn tú ar shaoire thuismitheora. Íocann roinnt fostóirí do phá nó déanann siad do phá a bhreisiú i rith thréimhse na saoire – leagtar seo amach i do chonradh fostaíochta."
  4. Tithe an Oireachtais (2017-04-04). "An tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú), 2019 – Uimh. 11 de 2019 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2025-04-11.
  5. electronic Irish Statute Book (eISB). "electronic Irish Statute Book (eISB)" (en). www.irishstatutebook.ie. Dáta rochtana: 2025-04-11.
  6. Citizensinformation.ie. "Saoire atharthachta" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-04-11.
  7. 7.0 7.1 Eoin Ó Murchú (2025-04-11). "Níl aithreacha ag glacadh le saoire atharachta" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-04-11.