Séanadh an Uileloiscthe
| Cineál | genocide denial (en) teoiric chomhcheilge idé-eolaíocht type of crime (en) | ||
|---|---|---|---|
| Bunaithe ar | antisemitic trope (en) | ||
| Príomhábhar | an tUileloscadh | ||


Is éard atá i gceist le Séanadh an Uileloiscthe, nó Saobhadh an Uileloiscth.[2] ná saobhadh na fíricí stairiúla le linn an Uileloiscthe nó beag is fiú a dhéanamh de na fíricí sin.
Déanann lucht séanta an Uileloiscthe beag is fiú den slad a tharla le linn an Uileloiscthe; dúnmharaigh na Naitsithe sé mhilliún fear, bean agus páiste Giúdach[3] agus na milliúin eile[4][5] mar gheall ar a n-eitneacht, a míchumas, a gclaonadh gnéis, a gceangail pholaitíochta nó a gcreideamh reiligiúnda.[6][7]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá lucht séanta an Uileloiscthe láidir go leor in Éirinn is cosúil. I mí Eanáir 2026 fuair suirbhé amach
- go gcreideann beagnach duine as gach deichniúr Éireannach idir ocht mbliana déag agus naoi mbliana is fiche d'aois gur miotas é an t-uileloscadh, agus
- creideann naoi déag faoin gcéad eile go bhfuil scála na heachtra áibhéalach.
- Dúirt seasca a ceathair faoin gcéad de dhaoine fásta gur cheap siad go bhféadfadh rud éigin cosúil leis an uileloscadh tarlú arís na laethanta seo.[8]
Rinne an Taoiseach cáineadh ar na leibhéil an-lag feasachta faoin uileloscadh. Dúirt Michael Martin gurbh é an t-uileloscadh an choir is soiléire a doiciméadaíodh i stair an domhain agus go gcaithfear cur i gcoinne an leibhéil seo aineolais agus séanta. Dúirt sé go mbeadh an Roinn Oideachais agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag obair chun clár oideachais a fhorbairt.
Bhí feachtas conspóideach ar siúl ag an am chun Páirc Herzog i Ráth Garbh, a athainmniú, mar gheall ar ionradh Iosrael ar Stráice Gaza. Tá an Pháirc ainmnithe as iar-uachtarán Iosraelach a tógadh i mBaile Átha Cliath, Chaim Herzog, agus a athair, "an Sinn Féin Rabbi", Isaac Herzog Mór.
Cosc
[cuir in eagar | athraigh foinse].[9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Let's talk about Revisionism (by Latuff)" (en). Indybay. Dáta rochtana: 2026-01-31.
- ↑ i mBéarla, Holocaust Denial
- ↑ "25 Facts About The Holocaust - Holocaust Museum Houston" (en-US). hmh.org (2023-07-05). Dáta rochtana: 2026-01-31.
- ↑ "Victims of Nazi Germany" (as en) (2026-01-31). Wikipedia.
- ↑ "Evidence and documentation for the Holocaust" (as en) (2026-01-04). Wikipedia.
- ↑ Office of the President of Ireland. "Diary President Delivers Keynote Address At Holocaust Memorial Day" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2026-01-31.
- ↑ Office of the President of Ireland. "Diary President Participates In The Holocaust Memorial Day Commemoration" (en). president.ie. Dáta rochtana: 2026-01-31.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (31 Eanáir 2026). "Nuacht Mhall (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2026-01-31.
- ↑ "Recognizing and Countering Holocaust Distortion - IHRA" (en-GB). IHRA. Dáta rochtana: 2026-01-31.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |