Jump to content

Sanas Uí Dhuibhdábhoireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadSanas Uí Dhuibhdábhoireann
Cineálfoclóir Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan tSean-Ghaeilge agus Nua-Ghaeilge Mhoch Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhábharAn Féineachas Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe16 haois Cuir in eagar ar Wikidata
An chéad leathanach de chuid Sanas Uí Dhuibhdábhoireann in British Library, LS Egerton 88

Is gluais as Luath-Nua-Ghaeilge é Sanas Uí Dhuibhdábhoireann le gluaiseanna ar fhocail Sean-Ghaeilge, go formhór ar fhocail dhlíthiúla. Baineadh an Sanas clú agus cáil amach as ucht na sleachta dea-chaomhnaithe le fáil ann as An bhFéineachas a d’fhéadfadh a bheith caillte, murach é. Tá nasc idir an Sanas agus an scoil dlí Mhic Aodhagáin san Pháirc, Contae na Gaillimhe.[1]: 196 

Lámhscríbhinní

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caomhnaítear Sanas Uí Dhuibhdábhoireann i ndá lámhscríbhinn chomhaimseartha, British Library, LS Egerton 88 (le siglum E) agus Leabharlann Choláiste na Tríonóide, MS 1317 (le siglum F).[2]: 100  Scríobhadh E ag Domhnall Ó Duibhdábhoirenn agus cuirtear an dáta 1564 leis.[3]: 52 [4]: 240  Scríobhadh F ag Dubhaltach Mór Mac Firbhisigh (seanathair Dubhaltach Mac Firbhisigh).[2]: 102  Tá drochbhail lámhscríbhinn F: tá iontrálacha A, B agus O ar iarraidh; tá cuid mhaith de litreacha eile in easnamh; i roinnt codanna, cuireadh iontu sainmhínithe as sanais eile.[2]: 100–101 [3]: 52–53 

D'fhoilsigh Whitley Stokes an chéad eagrán nua-aimseartha den Sanas sa bhliain 1862, le téacs as E agus sleachta as F sna corrigenda. Ina eagrán níos déanaí sa bhliain 1904, chur sé aistriúchán Béarla le roinnt sleachta as F, ach fós go formhór as E. D'eagraigh D. A. Binchy leagan E i n-eagrán dioplómatúil don Corpus Iuris Hibernici (1978).[2]: 100  San lá atá inniu ann, is fearr le heagarthóirí leagan F, sna háiteanna ar a bhfuil ardchaighdeán ar an lámhscríbhinn.[2]: 102 [3]: 53  Sa bhliain 2005, thug Liam Breatnach (2005) liosta de sleachta níos fearr as F nár thug Stokes ina dhara heagrán.[2]: 102 

Tugtar i Sanas Uí Dhuibhdábhoireann sainmhínithe le haghaidh 1618 téarmaí casta Sean-Ghaeilge.[3]: 52  I bhformhór na gcásanna, tugtar leo sliocht léiritheach (uaireanta, dhá nó trí). De ghnáth, is faoi chúrsaí dlí na gluaiseanna, ach faightear ábhair eile chomh maith.[2]: 106, 108 

Bhí foinsí níos fearr ag tiomsaitheoirí an Sanais (níos lú idir earráidí seachadta agus giorrúcháin) ná mar atá le fáil san lá atá inniu ann. Go minic, tógadh sleachta as an Sanas chun lámhscríbhinní eile a cheartú.[4]: 241  I dteannta sin, tá sheachta sa Sanas as lámhscríbhinní nach bhfuil againn ach go heaspach, nó nach bhfuil fós ar marthain. Mar shampla, thóg Liam Breatnach ábhar as an Sanas chun an breac-Senchas Már a athchruthú.[2]: 103–105 

Is iad na téacsanna is minice a luaitear sa Sanas ná Bretha Nemed Toisech, Bretha Nemed Déidenach, agus an chéad dhá thrian den Senchas Már.[2]: 102–103 

Ní minic é a fheictear sleachta as foinsí neamh-dhlíthiúil sa Sanas ach tá a leithéid ann.[2]: 106 . Mar shampla, tá gluaiseanna ann le haghaidh focal casta as an Dinnseanchas agus na Scéalta Miotaseolaíochta,[3]: 52  maraon le Amhra Choilm Chille agus Féilire Thamhlachta.[1]: 196 

Tuilleadh le léamh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Blom, Alderik H. (2024). "Words – Texts – Scribal Hands: Linguistic and Cultural Interactions Between the Frankish Empire, Ireland, and Britain in the Early Middle Ages": 189–214. Berlin, Boston: De Gruyter Akademie Forschung. doi:10.1515/9783110776225-007. 
  2. 2.00 2.01 2.02 2.03 2.04 2.05 2.06 2.07 2.08 2.09 Breatnach, Liam (2005). "A Companion to the Corpus Iuris Hibernici" 5. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 Mahon, William John (1987). "Contributions to the Study of Early Irish Lexicography". Harvard University. Teimpléad:ProQuest. 
  4. 4.0 4.1 Kelly, Fergus (2002). "Ireland and Europe in the early Middle Ages: texts and transmissions": 230–242. Dublin: Four Courts Press.