Jump to content

Sanae Takaichi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaa Oirircis Cuir in eagar ar Wikidata
Sanae Takaichi

(2025) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(ja) 高市 早苗 Cuir in eagar ar Wikidata
7 Márta 1961
64 bliana d'aois
Yamatokōriyama, An tSeapáin Cuir in eagar ar Wikidata
104 Príomh-Aire na Seapáine
21 Deireadh Fómhair 2025 –
← Shigeru Ishiba
Ball de chomh-aireacht: Takaichi Cabinet (en) Aistrigh

Ceaptha ag: Naruhito
Uachtarán an Pháirtí Liobrálach Daonlathach
4 Deireadh Fómhair 2025 –
← Shigeru Ishiba
Minister of State for Special Missions (Cool Japan Strategy) (en) Aistrigh
13 Meán Fómhair 2023 – 1 Deireadh Fómhair 2024
← Naoki OkadaMinoru Kiuchi →
Minister of State for Special Mission (Intellectual Property Strategy) (en) Aistrigh
10 Lúnasa 2022 – 1 Deireadh Fómhair 2024
← Kenji WakamiyaMinoru Kiuchi →
Minister of State for Science and Technology Policy (en) Aistrigh
10 Lúnasa 2022 – 1 Deireadh Fómhair 2024
← Takayuki KobayashiMinoru Kiuchi →
Minister of State for Space Policy (en) Aistrigh
10 Lúnasa 2022 – 1 Deireadh Fómhair 2024
← Takayuki KobayashiMinoru Kiuchi →
Minister in Charge of Economic Security (en) Aistrigh
10 Lúnasa 2022 – 1 Deireadh Fómhair 2024
← Takayuki KobayashiMinoru Kiuchi →
Minister of State for Economic Security (en) Aistrigh
10 Lúnasa 2022 – 1 Deireadh Fómhair 2024
← Takayuki KobayashiMinoru Kiuchi →
Minister of Internal Affairs and Communications (en) Aistrigh
11 Meán Fómhair 2019 – 16 Meán Fómhair 2020
← Masatoshi IshidaRyota Takeda →
Minister of State for the Social Security and Tax Number System (en) Aistrigh
11 Meán Fómhair 2019 – 16 Meán Fómhair 2020
← Masatoshi IshidaTakuya Hirai →
Minister of State for the Social Security and Tax Number System (en) Aistrigh
3 Lúnasa 2016 – 3 Lúnasa 2017 – Seiko Noda →
Minister of Internal Affairs and Communications (en) Aistrigh
3 Meán Fómhair 2014 – 3 Lúnasa 2017
← Yoshitaka ShindōSeiko Noda →
Minister of State for Okinawa and Northern Territories Affairs (en) Aistrigh
26 Meán Fómhair 2006 – 26 Meán Fómhair 2007
← Yuriko KoikeFumio Kishida →
Minister of State for Science and Technology Policy (en) Aistrigh
26 Meán Fómhair 2006 – 26 Meán Fómhair 2007
← Iwao MatsudaFumio Kishida →
Minister of State for Gender Equality and Social Affairs (en) Aistrigh
26 Meán Fómhair 2006 – 27 Lúnasa 2007
← Kuniko Inoguchi
Minister of State for Food Safety (en) Aistrigh
26 Meán Fómhair 2006 – 27 Lúnasa 2007
← Iwao MatsudaShinya Izumi →
Comhalta de Theach Ionadaithe na Seapáine
11 Meán Fómhair 2005 –
Comhalta de Theach Ionadaithe na Seapáine
19 Iúil 1993 – 10 Deireadh Fómhair 2003 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaCoimeádachas, Conservatism in Japan (en) Aistrigh, ultraconservatism (en) Aistrigh, Japanese nationalism (en) Aistrigh agus coimeádachas sóisialta
ReiligiúnTenrikyo (en) Aistrigh
Scoil a d'fhreastail sé/síNara Prefectural Unebi High school (en) Aistrigh
Faculty of Business Administration, Kobe University (en) Aistrigh
The Matsushita Institute of Government and Management (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan tSeapáinis
Gníomhaíocht
Gairmmúinteoir ollscoile (2004–), láithreoir teilifíse, drumadóir, múinteoir, anailísí, polaiteoir, scríbhneoir, léitheoir nuachta Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaNew Frontier Party (en) Aistrigh (1994–1996)
An Páirtí Daonlathach Liobrálach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn tSeapáinis agus Béarla
Teaghlach
CéileTaku Yamamoto (2004–2017), colscaradh
Taku Yamamoto (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
7 Samhain 20252025 China–Japan diplomatic crisis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáinsanae.gr.jp Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: takaichisanae X: takaichi_sanae Instagram: takaichi_sanae Threads: takaichi_sanae Youtube: UCemj6fzwjj_8C1yJilVKdVQ Cuir in eagar ar Wikidata

Toghadh Sanae Takaichi (a rugadh ar an 7 Márta 1961) mar Phríomh-Aire na Seapáine ar an 21 Deireadh Fómhair 2025. Is í an chéad bhean a bhfuil an post sin aici, agus an ceathrú príomh-aire laistigh de chúig bliana (2021-2025), rud a léirigh an chorraíl sa tír ag an am.[1]

Is coimeádach í agus í an-bháúil le Donald Trump.  Tugtar "an bhean iarainn" uirthi mar gheall ar a meas mór ar Margaret Thatcher.

1998
2006
2010
2014
2023
2025
Comh-aireacht, D.F. 2025

Rugadh Sanae Takaichi ar an 7 Márta 1961 i Yamatokōriyama, Contae Nara. Bhí a hathair ag obair ag comhlacht a bhí bainteach le Toyota, agus bhí a máthair ina póilín. Fuair a hathair bás in 2013 agus cailleadh a máthair in 2018. Níor phós Takaichi riamh.

I rith a hóige, bhí sí ina drumadóir i mbanna ceoil miotal trom agus is maith léi Deep Purple agus Iron Maiden.

Oideachas

Chuaigh sí chuig bunscoileanna agus meánscoileanna poiblí i Nara agus ansin chuig Ardscoil Unebi i gContae Nara, ceann de scoileanna is mó cáil sa réigiún.

Ghnóthaigh sí céim ó Ollscoil Kobe i mBainistíocht Ghnó. Níor thacaigh a tuismitheoirí léi dul go Tóiceo chun freastal ar ollscoileanna príobháideacha. Rinne sí staidéar freisin san Institiúid Matsushita (Rialtas agus Bainistíocht).

Réamhghairm (1987-1993)

In 1987, le hurraíocht ó Institiúid Matsushita, bhog sí go dtí na Stáit Aontaithe, ag obair le Pat Schroeder, Comhalta Daonlathach de Theach na nIonadaithe, mar chomhalta.

D'fhill sí ar an tSeapáin in 1989 agus scríobh sí leabhar faoina taithí i gComhdháil na Stát Aontaithe. I Márta 1989, d'éirigh sí ina saineolaí nuachta ag Asahi TV agus bhí sí ina comh-óstach ar chlár "Kodawari TV Pre★Stage" leis an bhfile Renhō.

Gairm Pholaitiúil, 1993-2005

Toghadh í den chéad uair mar chomhalta de Theach na nIonadaithe in 1993 mar neamhspleách. Sa bhliain dar gcionn chuaigh sí isteach sa pháirtí "Liberals" faoi stiúir Koji Kakizawa,[2] a chuaigh i gcomhcheangal leis an New Frontier Party go luath ina dhiaidh sin. In 1996, chuaigh sí isteach i bPáirtí Daonlathach Liobrálach na Seapáine (LDP).

Bhí sí ina fo-rúnaí parlaiminte sa Roinn na Trádála agus na Tionsclaíochta Idirnáisiúnta faoi rialtas Keizō Obuchi. Bhí sí ina cathaoirleach ar Choiste an Oideachais agus na hEolaíochta freisin.

In 2000, cuireadh sa chéad áit í ar liosta ionadaíochta an LDP agus bhuaigh sí a tríú téarma go héasca. In 2002, ceapadh í mar Leas-Aire sa Roinn Eacnamaíochta, Trádála agus Tionscail faoi Junichiro Koizumi.

In olltoghchán na Seapáine 2003, chaill sí a suíochán. Bhog sí go cathair Ikoma agus bhuaigh sí suíochán sa bhaile sin.

Faoi Shinzo Abe (2006-2020)

Thacaigh Shinzo Abe (iar-Phríomh-Aire i bhfad amach ar an eite dheis) le Takaichi go láidir. I rialtas Shinzō Abe, bhí sí ina hAire Stáit d'Oileán Okinawa agus do Chríocha an Tuaiscirt, ina hAire Stáit ar Bheartas Eolaíochta agus Teicneolaíochta, ina hAire Stáit ar Nuálaíocht, ina hAire Stáit ar Ghnóthaí Óige agus Comhionannas Inscne, agus ina hAire Stáit ar Shábháilteacht Bia.

Ar an 3 Meán Fómhair 2014, roghnaíodh í mar Aire Gnóthaí Intíre agus Cumarsáide in ionad Yoshitaka Shindō. Bhí sí san aireacht sin ó 2014 go 2017 agus arís ó 2019 go 2020 - níos faide ná aon pholaiteoir eile riamh.

Faoi Fumio Kishida (2022-2024)

I rialtas Fumio Kishida, bhí sí ina hAire sa Roinn Gnó (nó "Slándáil Eacnamaíoch") agus freagrachtaí go leor aici: Straitéis "Cool Japan", Straitéis Maoine Intleachtúla, Beartas Eolaíochta agus Teicneolaíochta, agus Beartas Spáis.

Bhí Takaichi ar dhuine de na hiarrthóirí ba mhó a bhí faoi chaibidil sa rás ceannasaíochta LDP in 2024. Ansin ar 18 Meán Fómhair 2025, tar éis do Shigeru Ishiba éirí as an bpost, d'fhógair sí a hiarrthóireacht sa rás ceannasaíochta uair amháin eile. Ar 4 Deireadh Fómhair 2025, tháinig sí sa chéad áit le linn an chéad bhabhta vótála, agus d'éirigh sí ina ceannaire ar an bPáirtí Daonlathach Liobrálach, an páirtí is mó sa tír ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda. Ní raibh aon athrú rialtais ón am sin i leith, cé gur gá dóibh brath ar pháirtithe eile ar dheis nó ar an eite dheas i bhfad amach chun rialtas a chruthú.

Toghadh í mar Phríomh-Aire ar an 21 Deireadh Fómhair 2025. Chuaigh Takaichi i gcomhghuaillíocht leis an Japan Innovation Party chun tromlach a fháil in 2025. Is í an chéad bhean atá sa phost sin agus an chéad Phríomh-Aire ó Chontae Nara.

Maidir le cúrsaí reatha, meastar gur náisiúnach í. Feictear í mar "sheabhac" i dtaobh caidreamh idirnáisiúnta leis an tSín agus tá an Chóiré Theas in amhras fúithi de bhrí go raibh sí an-mhór le Shinzo Abe, iar-phríomhaire a feallmharaíodh in 2022, agus polaiteoir nár thaitin leis na Cóiréigh ar chor ar bith.[1]

Seachas go bhfuil sí coimeádach, náisiúnach, frith-Shíneach agus báúil le Trump agus le Meiriceá go hidirnáisiúnta, tacaíonn sí le breis caiteachais ar chúrsaí míleata agus ciorruithe ar sheirbhísí poiblí.

Seasann sí in éadan ghluaiseacht na mban a éilíonn an ceart do mhná pósta a sloinnte réamhphósta a choimeád. Tá Takaichi i gcoinne pósadh comhghnéis agus seasann sí le luachanna traidisiúnta i gcoitinne. Ní raibh ach beirt bhan eile roghnaithe aici sa rialtas.[3] [1]

Rachaidh Takaichi agus a páirtí os comhair an phobail d’olltoghchán fógartha do 2028.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 Cathal Ó Murchú (2025-10-24). "Bean tofa don chéad uair ina príomh-aire nua sa tSeapáin" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-10-25.
  2. "Koji Kakizawa" (as en) (2025-08-13). Wikipedia. 
  3. Cheap sí beirt bhan mar airí: Satsuki Katayama mar Aire Airgeadais na Seapáine, agus Kimi Onoda mar Aire ar "Shlándáil Eacnamaíoch"