Samhadh sléibhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSamhadh sléibhe
Oxyria digyna Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdCaryophyllales
FinePolygonaceae
TreibhRumiceae
GéineasOxyria
SpeiceasOxyria digyna Cuir in eagar ar Wikidata
Hill
Ainmníocht
BasainmRumex digynus Cuir in eagar ar Wikidata

Is speiceas de phlanda bláthanna é an samhadh sléibhe[1], nó Oxyria digyna, as fine an ruáin, Polygonaceae. Is planda dúchasach é i réigiúin Artacha agus áiteanna sléibhtiúla den Leathsféar Thuaidh.

Cur Síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is planda ilbhliantúil é an samhadh sléibhe a bhfuil socfhréamh láidir air agus a fhásann go dtí idir 10 agus 30 cm. Fásann sé i dtoim dhlútha agus go hiondúil ní bhíonn géaga ná gruaig ar an ngas. Dath cineál dearg a bhíonn ar na gais bhláthacha agus ar ghais na nduilleog. Cruth duáin a bhíonn ar na duilleoga, iad beagán ramhardhuilleach, agus iad ar ghais a thagann aníos ón mbunghas. Tagann bláthanna beaga, glasa orthu a iompaíonn scothdhearg ina dhiaidh, agus iad ina ngrúpa i mbraisle ingearach oscailte. Cnó beag atá sa toradh, agus sciathán leathan ina thimpeall a iompaíonn dearg sa deireadh. Agus é i gcruth toim atá dlúth, dearg, is furasta an planda seo a aithint. Fásann an Samhadh sléibhe in áiteanna fliucha atá clúdaithe le sneachta sa gheimhreadh.

Dáileadh agus gnáthóg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Samhadh sléibhe coitianta i dtundra an Artaigh. Níos faide ó dheas, tá dáileadh imthoisceach aige agus fásann sé in áiteanna arda sléibhtiúla den Leathsféar Thuaidh lena n-áirítear na hAlpa, an Sierra Nevada agus Sliabhraon na Cascáide. Is iondúil go bhfásann sé i móinéir Alpacha, scileach agus ina aice le srutháin.

Úsáidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá blas géar nó blas úr aigéadach (de bharr aigéid ocsalaigh)ar dhuilleoga an tsamhaidh sléibhe agus tá go leor vitimín C iontu. Is féidir iad a ithe amh nó iad a chócaráil.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Oxyria digyna” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.