Saill chócaireachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Saill sholadach a dhíorthaítear ó olaí plandúla is a úsáidtear i gcócaireacht. Tugtar brioscóir uirthi freisin. Den chuid is mó, bíonn na holaí plandúla neamhsháithithe is leachtach ag teocht an tseomra. A mhalairt atá fíor le hola cnó cócó is ola phailme. Déantar iad sin a chóireáil le hidrigin chun an tsaill sholadach a tháirgeadh don chócaireacht.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Saill chócaireachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 574.