Saikat Chakrabarti
(2019) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 12 Eanáir 1986 40 bliana d'aois Fort Worth, Texas |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Harvard - ríomheolaíocht (2003–2007) |
| Airde | 180 cm |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | dearthóir, comhairleoir polaitíochta, innealtóir bogearraí |
| Fostóir | Stripe (2011–2013) Mockingbird (en) Bridgewater Associates (2007–2008) Apple Inc. (2006–2006) RealNetworks (2005–2005) |
| Ball de pháirtí polaitíochta | an Páirtí Daonlathach |
| Teaghlach | |
| Athair | Samir Chakrabarti (en) |
Is polaiteoir as California é Saikat Chakrabarti (a rugadh ar an 12 Eanáir 1986), de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh agus duine atá i bhfad amach ar an eite chlé.

Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé gur sa teicneolaíocht agus an comhlacht Stripe a bhunaigh na deartháireacha John agus Patrick Collison as Luimneach a thosaigh Chakrabarti a shaol gairmiúil,
Tá sé gníomhach sa bpolaitíocht le roinnt mhaith blianta agus cáil air mar chomhairleoir straitéiseach. D’oibrigh sé ar fheachtas uachtaránachta Bernie Sanders in 2015 agus 2016 (nuair a sheas Trump den chéad uair). Bhí sé ina bhainisteoir ar fheachtas Alexandria Ocasio-Cortez in 2018.[1]
2025-2026
Sheol Chakrabarti a cheanncheathrú nua i San Francisco i mí Lúnasa 2025. Chuir sé béim ar leith ar theagmháil a dhéanamh leis an gcosmhuintir lena chinntiú go n-éiríonn leis na Daonlathaigh tromlach i dtithe na comhdhála a bhaint amach sna toghcháin lár téarma in 2026. Chuirfeadh toradh dá leithéid athrú ó bhonn ar an tírdhreach polaitiúil agus ar chumas an Uachtaráin Trump polasaithe a chur i bhfeidhm.[1]
In 2025 bhí an-tacaíocht léirithe do Chakrabarti agus é ag iarraidh suíochán Nancy Pelosi i San Francisco a bhaint di. Tá rún ag Chakrabarti seasamh in 2026 do shuíochán comhdhála i San Francisco " mar shlánaitheoir an Pháirtí Dhaonlathaigh". Is beag seans atá aige, faoi láthair, meastar, an ceann is fearr a fháil ar Nancy Pelosi, duine de mhóruaisle an pháirtí. Ach tá go leor i measc na nDaonlathach den tuairim go bhfuil sé de chumas in Chakrabarti fuinneamh nua a chur sa bpáirtí atá in ísle bhrí ón toghcháin in 2024.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Máirín Ní Ghadhra (17 Lúnasa 2025). "Ní léir go fóill an bhfuil na Daonlathaigh réidh le slán a fhágáil le Mamó Nancy" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-19.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]