Sahára Thiar
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
الصحراء الغربية (ar) ![]() | |||||
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Críoch á éileamh ag | Maracó (1976–) Poblacht Dhaonlathach Arabach an tSahára (1976–) ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 612,000 (2021) ![]() | ||||
• Dlús | 2.3 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Afraic Thuaidh ![]() | ||||
Achar dromchla | 266,000 km² ![]() | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach ![]() | ||||
Airde | 237 m ![]() | ||||
Pointe is ísle | Sebkha Tah (en) ![]() ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | dirham Mharacó ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .eh ![]() | ||||
Glaochód | +212 ![]() | ||||
Cód tíre | EH ![]() |
Tír nó críoch san Afraic - a bhfuil aitheantas teoranta air - is ea An tSahára Thiar.[1]

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Coilíneacht de chuid na Spáinne ba ea an chríoch go dtí na 1970idí. In 1966 d’iarr na Náisiúin Aontaithe ar an Spáinn reifreann a reáchtáil sa chríoch. Ach ní dhearna siad amhlaidh. In 1975, tar éis bhás Franco, thréig an Spáinn an choilíneacht agus rinne Ríocht Mharacó agus an Mháratáin forghabháil ar an tír.[2]
Chuir pobal an tSahára Thiar i gcoinne na forghabhála agus chuir an Fronta Polisario cogadh ar na forgabhálaithe. D’fhág an Mháratáin talamh agus coimhlint in 1979 ach ghlac Ríocht Mharacó seilbh ar an gcuid is mó den dtír, cathracha agus acmhainní nádúrtha san áireamh. Rinneadh an tír a dheighilt, 30% den talamh faoin bPoblacht Arabach Dhaonlathach Shachrámhach, faoi choimirce na hAilgéire, agus nach mór 70% faoi Mharacó.
Sna 1980í bhí forghabháil Mharacó a hionsaí go síoraí ag 15,000 óglach armtha agus innealta Polisario. Thóg Ríocht Mharacó múr armtha 1,240 míle (2,000 km) ar fad, a críochnaíodh in 1987. In 1991 glacadh le plean síochána na Náisiún Aontaithe reifreann a reáchtáil sa chríoch. D’éiligh Maracó go n-áireófaí cóilínigh ó Mharacó sa reifreann agus sa deireadh thiar dhiúltaigh an Ríocht glacadh leis an bplean. Thosaigh óige na críche ag cur i gcoinne shocruithe cheannairí Polisario agus in 2020 d’fhill an pobal ar eachtraí mar léirsithe, campa frithbheartaíochta agus ionsaithe armtha ar an múr.[2]
Sé dearbhú na Náisiún Aontaithe gur é Polisario ionadaí dleathúil an phobail.
In 1984 fuair an Sahára Thiar aitheantas ón Eagraíocht um Aontas na hAfraice (EAA). Bhí Ríocht Mharacó ag sárú an dlí idirnáisiúnta le fada ach in 2020 thug Donald Trump cabhair agus aitheantas do Mharacó ar thalamh na Sachrámhach in éiric aitheantas Ríocht Mharacó d’Iosrael, cé go bhfuil sin i gcoinne pholasaí EAA, ina bhfuil Maracó mar bhall.[2]
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is cuid de MINURSO iad Óglaigh na hÉireann. fórsa coimeádta síochána sa tír.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Western Sahara
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Diarmuid Breatnach – An Páipéar (2025-03-21). "“An choilíneacht deiridh gan saoradh san Afraic”" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-03-26.