STEALL
| Cineál | iris liteartha |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Teanga | Gaeilge na hAlban |
| Am tosaigh | 2016 |
| Tréith | |
| Eatramh foilsithe | Bliantán |
| Foilsithe i | Alba |
| Leathanaigh | ~100-152 |
Is iris liteartha é STEALL atá i nGaeilge na hAlban, atá dírithe ar scríbhneoireacht nua a chur ar a súile do dhaoine. CLÀR a fhoilsíonn é. Foilsíodh an chéad eagrán ar an 27 Deireadh Fómhair 2016. Bíonn agallaimh, ficsean, aistí, filíocht, léirmheasanna agus eile air.[1]
I measc na n-údar a bhfuil saothar dá gcuid foilsithe ar STEALL tá Meg Bateman, Catrìona Lexy Chaimbeul, Tim Armstrong, agus Biddy Jenkinson. Anuas ar fhicsean úr, déantar anailís ar leabhair nua, filíocht agus amhráin nuascríofa.[2]
Ag labhairt ar an gcéad eagrán dó, dúirt Eoin P. Ó Murchú go raibh ag éirí leo lena sprioc scríbhneoireacht ar ardchaighdeán a sholáthar agus go raibh sé ag dul i bhfeidhm ar léitheoirí. Bhí focal molta aige freisin don "dearadh snasta simplí agus rogha dathanna buí agus dubh" atá ar an gclúdach agus na leathanaigh laistigh.[2]
Thosaigh Tim Armstrong ag foilsiú an dara ceann dá chuid úrscéalta ficsean eolaíochta (comharba Tinte na Farraige Duibhe) .i. An Luingeas Dorcha air Fàire, ina shraith ar STEALL.[2]
Naisc amach
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil: steall.online
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Leabhraichean" (as Gaeilge na hAlban). CLÀR. Dáta rochtana: 2026-02-11.
- 1 2 3 Eoin P. Ó Murchú (2017-01-04). "Seo STEALL duit!". NÓS. Dáta rochtana: 2026-02-11.
| Is síol faoi leabhar nó litríocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |