Sŵn (féile)
| ||||
| Cineál | féile cheoil | |||
|---|---|---|---|---|
| Bailíocht | 2007 - | |||
| Bunaitheoir(í) | Huw Stephens | |||
| Suíomh | Caerdydd, Wales | |||
| Suíomh gréasáin | swnfest.com | |||
Is féile cheoil í Sŵn (ga: 'fuaim', 'glór', 'gleo'[1]). Is é Huw Stephens, DJ ó BBC Radio 1, léiritheoir na féile. Tá an fhéile ar siúl gach bliain i gCaerdydd ó 2007 i leith.
Bhí an fhéile ar siúl den chéad uair ar an 9–11 Samhain 2007. I measc na mbannaí ceoil a sheinn ag an bhféile bhí The Cribs, Beirut, David Holmes, Edwyn Collins agus Cherryghost.
Tá ról lárnach ag scannáin agus ealaín sa fhéile chomh maith, agus léirítear blas éagsúil ceoil Stephens sa chlár. Tá ionadaíocht láidir ag bannaí ceoil Breatnacha agus ceoltóirí Breatnaise sa chlár.
Bhí féile 2008 ar siúl ón 14ú go dtí an 16ú Samhain 2008. I measc na mbannaí ceoil a sheinn ag an bhféile bhí Golden Silvers, Truckers of Husk, Micachu And The Shapes, Little Comets, Young Marble Giants, Euros Childs, Sweet Baboo agus Rob Da Bank.
Bhí féile 2009 ar siúl ar an 22–24 Deireadh Fómhair 2009.
Naisc amach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Joe Mitchell (2017). "sŵn". Foclóir Breatnais–Gaeilge.
| Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Is síol a bhaineann leis an mBreatain Bheag é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
