Súil Eile
Cuma
| Cineál | saothar liteartha |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Údar | Seán Tadhg Ó Gairbhí |
| Teanga | an Ghaeilge |
| Foilseachán | Éire, 2017 |
| Foilsitheoir | Cois Life |
| Eile | |
| Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta | 978-1-907494-43-7 |
Is leabhar staire é Súil Eile leis an iriseoir Seán Tadhg Ó Gairbhí. Ríomhtar an chéad fiche bliain den stáisiún teilifíse TG4 sa leabhar. Tá an leabhar bunaithe den chuid is mó ar shraith agallamh a chuir an t-údar ar lucht TG4 i gcaitheamh na mblianta 2013-2017. Clúdaítear an tréimhse roimh theacht ar an bhfód TG4 ar 31 Deireadh Fómhair 1996 le léargas a thabhairt ar an gcomhthéacs as ar eascair aisling na teilifíse Gaeilge agus Gaeltachta. Is é an comhlacht foilsitheoireachta Cois Life a chuir an leabhar amach in 2017. [1]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Léirmheas le hAlan Titley in Comhar: https://comhar.ie/iris/77/11/suil-eile/
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Seán Tadhg Ó Gairbhí (2017). "Súil Eile". BÁC, Éire: Cló Iar-Chonnacht.
| Is síol faoi leabhar nó litríocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Is síol teilifíse é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |