Seta (úrscéal)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Síoda (Úrscéal))
WD Bosca Sonraí LeabharSeta
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarAlessandro Baricco Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Iodáilis Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachánan Iodáil, 1996 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1996
FoilsitheoirRCS MediaGroup
Tréith
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Archive.org: isbn_9782070419654

Is úrscéal Iodáilise é Seta (Síoda) leis an scríbhneoir Alessandro Baricco, a foilsíodh sa bhliain 1996.

An scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an scéal lonnaithe sna 1860í. Cuir síos ar shaol Hervé Joncour, fear gnó Francach, a bhíonn ag feidhmiú in earnáil an tsíoda, atá ann. De bharr ghalar ar na seiriceán san Eoraip agus an san Afraic tugann sé an turas go dtí an tSeapáin air féin chun seiriceáin folláin a aimsiú. Is áit aisteach agus úrnua dó é. Buaileann sé le Hara Kei, uasal de chuid na tíre sin, agus fásann caidreamh neamh-ghnách idir Hervé agus bean óg i gcúirt Hara Kei. D'fhás nasc aisteach idir an bhean agus an fear gnó in ainneoin nár labhair siad le chéile riamh. Bíonn a bhean chéile Héléne ag fanacht leis chuile uair a fhilleann sé ar an Fhrainc.

Ar a thuras dheireanach bhí cogadh catharach ar siúl sa tSeapáin agus chuile rud scriosta ach d'éirí leis buíon Hara Kei a bhí ar teitheadh a bhaint amach. Dimpí Hara Kei air gan filleadh ar an tSeapáin choíche. D'fhill sé ar Héléne agus thug sé cúram di i rith a tinneas deireanach. Ní dhearna sé dearmad riamh ar an mbean óg ach roinnt blianta tar éis bás Héléne fuair sé amach trí thimpiste go raibh eolas aici faoin mbean óg i gcónaí. Ní raibh fiú ainm na mná óg, a raibh tionchar chomh mór sin air, ar eolas aige agus níor labhair sé léi riamh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]