Síle Ní Choincheannain
Is Léachtóir san Oideachas le saineolas sa Ghaeilge, i Roinn um Oideachas Teanga agus Litearthachta, í an Dr Síle Ní Choincheannain i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Chaith sí blianta ag obair in Ollscoil Luimnigh, in Ollscoil Ottawa faoi Fhondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada, agus in Ollscoil Montana mar theagascóir de chuid Fulbright. Tá cuid mhór foilsithe aici i dtaobh litríocht na Gaeilge, agus bíonn sí ag scríobh go cruthaitheach freisin. Bhí sí páirteach sa chlár Cúla4 ar Scoil ar TG4 sa bhliain 2021 agus déanann sí roinnt oibre le Raidió na Gaeltachta freisin. Tá sí ar choiste ACIS agus Cumann Merriman, agus tá sí ina cathaoirleach ar Choláiste Eoghain Uí Chomhraidhe, i gCarraig an Chabhaltaigh. Rugadh agus tógadh Síle in Iarthar an Chláir.