Síceolaí
Cineál fostaíochta | social and religious professionals (en) |
|---|---|
Réimse oibre | síceolaíocht agus síciteiripe |


Duine nó "eolaí a dhéanann staidéar ar aigne agus ar oibreacha intinne an duine" is ea síceolaí.[1][2] Cuirtear oiliúint ar shíceolaí i staidéar a dhéanamh ar iompar daonna agus déanann sé iarracht mothúcháin, smaointe agus iompar a mhíniú.[3]
In Éireann ní fhorordaíonn síceolaithe cógas. Ní síciatraí é síceolaí; is dochtúir leighis é síciatraí a dhéanann sainfheidhmiú ar mheabhairshláinte.[4]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Oibríonn an síceolaí ar bhealaí éagsúla mar obair ghrúpa, comhairliúcháin teileafóin nó comhairliúcháin duine le duine. Laistigh de mheabhairshláinte, oibríonn an síceolaí mar shíceolaí cliniciúil, pobail nó comhairleoireachta de ghnáth.
Is féidir le síceolaithe raon leathan fadhbanna síceolaíochta ar nós imní agus dúlagar a mheasúnú agus a chóireáil. Is féidir leo cabhrú leat scrúdú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag do bhreoiteacht ar do shaol agus ar na bealaí inar féidir leat dul i ngleic leis na héifeachtaí sin. Déanfaidh síceolaí iarracht duine a thabhairt níos gaire do do thinneas a thuiscint.[3]
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]In Éirinn sa bhliain 2025, thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte foláireamh láidir do Chumann Síceolaithe Éireann (CSÉ) faoi chleachtais mhí-eiticiúla a bhí ar bun ag cuid dá gcuid ball in Éirinn, agus na cleachtais seo ag cur sábháilteacht an phobail i mbaol. Tháinig méadú ar líon na ngearán sna 2020idí ón phobal in Éirinn – idir cheisteanna faoi chleachtas síceolaíoch cuí agus ghearáin teasaí faoi shíceolaithe áirithe.[5]
Ar na cleachtais mhí-eiticiúla ba mhó, dar le CSÉ:
- Eolas míchruinn tugtha ag síceolaithe don phobal faoina gcuid cáilíochtaí, a gcuid oiliúna agus teidil ghairmiúla
- Úsáid mhíchuí bainte as an teideal ‘Síceolaí Cairte’
- Nathanna cainte ar nós ‘creidiúnaithe ag an PSI’ nó ‘cláraithe leis an PSI’ á n-úsáid ag síceolaithe i dtaobh a stádas ballraíochta.
- Síceolaithe ag cleachtadh taobh amuigh dá gcuid réimsí oiliúna, go háirithe agus iad i mbun measúnuithe ar uathachas agus ar éagsúlachtaí néareolaíocha. Go minic ní bhíonn an oiliúint ná an taithí chuí ag na síceolaithe a bhíonn ag cur comhairle ar othair sna réimsí seo, a dúradh
- Dúradh nach mbíonn síceolaithe áirithe ag cloí le Cód Eitice Gairmiúil Chumann Síceolaithe Éireann
- Nach nochtann síceolaithe áirithe gur fiosraíodh a n-iompar gairmiúil i ndlínsí eile
- Go mbaintear úsáid neamhcheadaithe agus mhíchuí as lógó PSI ar shuíomhanna gréasáin seachtracha nó i gcomhfhreagras pearsanta.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, psychologist
- ↑ "An Foclóir Beag: síceolaí" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- 1 2 Citizensinformation.ie. "Gairmithe meabhairshláinte" (ga-IE). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ Tá síciatraithe freagrach as cúram leighis othar síciatracha agus is féidir leo cabhrú leat le do mheabhairshláinte trí úsáid a bhaint as cógais agus comhairleoireacht.
- 1 2 "Foláireamh láidir tugtha ag an HSE do Chumann Síceolaithe Éireann faoi chleachtais mhí-eiticiúla" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-07-15). Dáta rochtana: 2025-07-15.