Séasúr

Ceann de cheithre ráithe na bliana is ea séasúr (earrach, samhradh, fómhar, geimhreadh).[1]
Fithis an domhain
[cuir in eagar | athraigh foinse]De bhrí go bhfuil ais an domhain claonta i dtaca lena fhithis thart ar an ngrian, ní hionann an oiread solas gréine a thiteann ar an dá leathsféar an t-am ar fad i rith na bliana. Cuireann sé seo leis na hathruithe aeráide is bun leis na séasúir éagsúla sna leathsféir, samhradh sa leathsféar theas nuair atá sé ina gheimhreadh sa leathsféar thuaidh, agus a mhalairt.
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá na séasúir á gceiliúradh ar feadh na mílte bliain in Éirinn. Baineann na séasúir le Roth na Bliana: Samhain ag cur fáilte roimh an Gheimhreadh, Imbolg an tEarrach, Bealtaine ag fógairt tús an tSamhraidh, agus Lúnasa ag ceiliúradh Fómhair na bliana.[2]
- Tosaíonn An Geimhreadh ar 1 Samhain (Féile Shamhna) ar feadh trí mhí, Samhna, Nollaig agus Eanáir.
- Tosaíonn An tEarrach ar an 1 Feabhra (Féile Imbolg) ar feadh na míonna Feabhra, Márta agus Aibreán.
- Tosaíonn An Samhradh ar an 1 Bealtaine (Féile na Bealtaine) ar feadh na míonna Bealtaine, Meitheamh agus Iúil.
- Tosaíonn An Fómhar ar an 1 Lúnasa (Féile Lúnasa) ar feadh na míonna Lúnasa, Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair.
Cinnte tá bealaigh eile chun an bhliain a roinn ina ina cheithre chuid.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Na Féilte Tine, sraith RTÉ sa bhliain 2025. Breathnaíonn an tsraith ar fhéilte traidisiúnta na hÉireann a bhaineann leis na séasúir, sraith cheithre chlár a dhéanann iniúchadh ar na féilte dhúchasacha Éireannacha.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "An Foclóir Beag: séasúr" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2025-08-07.
- ↑ "Seán Mac Erlaine · Na Féilte Tine". www.seanmacerlaine.com. Dáta rochtana: 2025-08-07.
- ↑ rosgireland (2024-09-12). "Na Féilte Tine (The Fire Festivals) - Trailer".