Séamus Ó Muircheartaigh
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1 Iúil 1877 Ard na Caithne |
| Bás | 11 Márta 1927 49 bliana d'aois |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | mianadóir, scríbhneoir, cumadóir |
| Teangacha | An Ghaeilge |
Mianadóir, scríbhneoir agus cumadóir amhráin as Corca Dhuibhne ba ea Séamus Ó Muircheartaigh nó Seamus Moriarty (Iúil 1877 - 11 Márta 1927); scríobh sé faoin ainm cleite 'An Spailpín' nó ‘An Spailpín Fánach’.[1][2] Chaith sé a shaol ag cumadh amhráin agus filíochta faoin a cheantar dúchais chomh maith le beith ag obair go dúthrachtach ar son na Gaeilge.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]In Ard na Caithne a rugadh é i mí Iúil 1877. Chaith sé tamall ag iascaireacht.
Chuaigh ar imirce go Meiriceá as Corca Dhuibhne i 1898. Chaith sé tréimhsí Massachusetts, Nua-Eabhrac, Butte (Montana) agus San Francisco, agus is iomaí alt agus litir a scríobh sé ó na háiteanna sin.
In Springfield, Massachusetts, mar a raibh gaolta leis, a bhí sé ag cur faoi ar dtús. Bhí sé ag obair sna muilte ansiúd agus ann a cláraíodh é mar bhall de na hÍbeirnigh. Chaith sé tamall ag obair ar iarnród Boston-Albury.
Ar a bhealach go dtí an cósta thiar chaith sé tamall ag obair in Butte, Montana. Ó 1899 go 1906 is in San Francisco a bhí sé, é ag iascaireacht tamall le hIodáiligh agus Seapáinigh sular oscail sé féin agus cara leis siopa bróg. Bhochtaigh crith talún 1906 é agus chuaigh sé ar ais go Butte, ag mianadóireacht.[1]
Scríobhadh Ó Muircheartaigh go rialta do The San Francisco Leader, The Kerryman, The Gaelic American, An Lóchrann, An Claidheamh Soluis, Misneach, Irisleabhar na Gaedhilge... agus foilseacháin eile nach iad.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Spailpín Fánach, dán tírghrá (18ú haois)
Naisc shaeachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Séamus Ó Muircheartaigh: An Spailpín Fánach, le Micheál Ó Sé, (Oidhreacht Chorca Dhuibhne, 2026)[3]
- Imirceach ó Éirinn, an Spailpín Fánach, Clár TG4, 2005
- Léacht le Breandán Feiritéar ar “An Spailpín Fánach, Séamus Ó Muircheartaigh”, Scoil Cheoil an Earraigh 2010
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Spailpín Fánach (dán)
- A spailpín, a rún (amhrán)
- Spailpín, oibrí feirme
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 ainm.ie. "Ó MUIRCHEARTAIGH, Séamus (1877–1927)". Dáta rochtana: 2026.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (23 Eanáir 2026). "Leabhar ó Mhaidhc Sé faoin Spailpín Fánach le seoladh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-23.
- ↑ An Saol ó Dheas (2026-01-22). "Micheál Ó Sé: Ta leabhar ‘Seamus Ó Muircheartaigh – An Spailpín Fánach’ curtha le chéile aige agus seolfar é an Sathran beag seo i Musaem Chorca Dhuibhne." (ga-IE). RTE Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2026-01-23.