Jump to content

Sána

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
sána (gan simléar) san Fhionlainn.Tá an savusauna traidisiúnta seo ina sheasamh in Enonkoski, in oirthear na Fionlainne.
Sorn sána de dhéantús an chomhlachta "Narvi".
Elie, san Albain

Is é is sána,sauna as Fionlainnis, nó sabhna, teach allais, seomra allais nó b'fhéidir galfholcadán,[1] ann ná teach nó seomra te le haghaidh galfholcadh. Téann stair an ghalfholctha siar go laethanta na sean-Róimhe, ar a laghad, ach nuair a chuaigh an Chríostaíocht i bhfairsinge in Ilchríoch na hEorpa, cuireadh deireadh leis an nós, ó bhí meas na mígheanmnaíochta ag na sagairt air. Bhí na tithe allais an-coitianta in Éirinn cúpla céad bliain ó shin. Ní fios cén chaoi ar thosaigh an nósmhaireacht in Éirinn ná cé as a tháinig sé. B'fhéidir gur tháinig siad leis na Lochlannaigh nó le misinéirí na Críostaíochta anall as an Róimh? Nó an raibh siad anseo riamh anall?[2]

Mar sin, níor mhair an galfholcadh beo ach in áiteanna iargúlta, cosúil leis an bhFionlainn. Nuair a thosaigh an sána ag éirí faiseanta arís sa 20ú haois timpeall a domhain, shíl na daoine gur nós Fionlannach a bhí ann.

An chuid is mó de na teangacha Eorpacha, tugann siad sauna ar an seomra galfholctha, ach tá téarmaí dá gcuid féin ag na Sualannaigh agus na Rúisigh air: bastu a deirtear as Sualainnis, agus banya/баня as Rúisis.

I dtús báire, ní raibh i gceist leis an sána ach scioból aon seomra. Ar dtús, shuíodh na daoine istigh a fhad is a bhí de dhíth le cóta allais a tharraingt orthu, agus ansin, nídís iad féin as uisce. Inniu, áfach, is gnách seomra gléasta agus seomra cithfholctha a fhágáil faoi aon díon leis an sána. San Fhionlainn, bhí sé de nós ag muintir na tuaithe úsáid ilghnéitheach a bhaint as an sána, nó ba mhinic nach raibh oigheann nó tinteog ar bith eile sa teach ach sorn an tsána. Mar sin, ní raibh sé as an ngnáth bia a dheatú, a bhruith nó a bheiriú os cionn na sornóige sin. Nuair a thagadh na daoine ag tabhairt tailte nua chun míntíreachais, thógaidís sána ansin roimh aon teach eile, agus bhídís ina gcónaí sa sána go dtí go mbeadh an teach cónaí críochnaithe.

Dorset

I sorn atá ceaptha le haghaidh sána, tá clocha os cionn na tine nó an téiteora leictrigh. (An focal Fionlainnise a chiallaíonn "sorn sána", is é sin, kiuas, i dteanga an lae inniu, chiallaigh sé "carn cloch" fadó, rud atá le haithint ar na logainmneacha i gcónaí.) Is gnách na clocha a théamh go dtí go dtiocfaidh luisne iontu, agus ina dhiaidh sin, is féidir an tine féin a mhúchadh agus sult a bhaint as an teas a fhad is a mhairfidh sé sna clocha. Cuid de na sornóga leictreacha atá in úsáid inniu, áfach, tá siad á dtéamh go leanúnach, i gcruth is nach n-imíonn an luisne sula múchtar an gléas leictreach.

Is é an cineál sána a bhíodh in úsáid ag muintir na tuaithe fadó ná savusauna, is é sin, sána toite. Ní raibh simléar ar bith sna sabhnaí seo, ach ligtí an toit amach trí pholl ar leith, nó räppänä. Théití na clocha roimh an bhfolcadh, agus mhúchtaí an tine sula dtagadh na daoine isteach, lena chinntiú nach dtachtfadh an toit agus an aonocsaíd charbóin iad. Ina dhiaidh sin féin, tharlaíodh timpistí ó am go ham. Mar sin, cé go samhlaítear rómánsúlacht ar leith leis an savusauna a bhfuil a bhallaí taobh istigh dubh dorcha le deatach na mblianta, is fearr leis an gcuid is mó de na daoine inniu sána simléir nó - go háirithe sna cathracha - sána leictreach. Bíonn sornóga leictreacha le haghaidh na sabhnaí á dtáirgiú ag lear mór comhlachtaí san Fhionlainn.

Tithe allais, Widdrington, Northumberland

Seomra an allais

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá seomra allais i ngach sána, agus is ionann iad an seomra sin agus an sána sa chiall is cúinge. Istigh sa seomra seo atá an sorn (Fionlainnis: kiuas) agus na binsí nó na seilfeanna (Fionlainnis: lauteet, uimhir uatha: laude) ar a mbíonn na daoine ina suí nó ina luí. Bíonn na binsí ó mhéadar amháin go méadar go leith (1 m - 1.5 m) os cionn an urláir.

Maidir leis an bhfoirgneamh féin, is é sean-nós na tuaithe é a thógáil i bhfad ar shiúl ón teach cónaí, agus i gcóngar don loch, le go bhféadfadh na daoine dul ag snámh ansin. Anois, i ndiaidh bhánú na tuaithe, is fearr le formhór na bhFionlannach a gcuid folcthaí a thógáil sna sabhnaí leictreacha atá faoi aon díon leis an árasán féin. I mblocanna árasán, cuireann na háitritheoirí an sána in áirithe cosúil leis an dóigh a ndéanfá le seomra níocháin. Tá seomra gléasta agus seomra cithfholctha buailte le gach sána den chineál seo, agus táthar ag súil leis ó gach áitritheoir go nglanfaidh sé an sána ina dhiaidh nuair a bheidh an folcadh glactha aige.

Is follas gur cuid thábhachtach de na folcadáin phoiblí agus na folcáin snámha san Fhionlainn é an sána. Caithfidh gach duine folcadh sána a thógáil roimh an mbabhta snámhaíochta agus ina dhiaidh. Ar ndóigh, ní mór dó é féin a ní as uisce roimh gach cuairt ar an sána agus ina dhiaidh.


Go dtí lár na fichiú haoise, bhí sabhnaí poiblí á reáchtáil sna cathracha don té nach raibh teacht aige ar an sána san áit a raibh sé ina chónaí, agus mhair na seandaoine ag dul ar na sabhnaí seo fiú nuair nach raibh riachtanas leo a thuilleadh, ó b'ansin ab fhusa a chastaí ar lucht a n-aitheantais iad. Le seanchultúr an lucht oibre is mó a shamhlaítear na sabhnaí seo. Inniu, áfach, is ar éigean a thiocfá ar cheann acu, ós rud é go bhfuil na folcadáin nua-aimseartha i ndiaidh iad a chur as margadh, gan aon trácht a dhéanamh ar chomh coitianta a d'éirigh na sabhnaí sna blocanna árasán féin.

Béasaíocht agus nósanna sa sána Fionlannach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De ghnáth, caitheann na daoine tamall sa sána ag tarraingt cóta allais orthu ar a suaimhneas. Ansin a thosaíonn duine acu ag scaobadh uisce te nó patuar as an mbuicéad atá leis, agus é á chaitheamh ar chlocha na sornóige. Nuair a bhuaileann an t-uisce faoi na clocha, galaítear é ar an toirt, agus mothaíonn na daoine ar na binsí tonn gail agus teasa ag dul ar fud an tseomra. Baineann an tonn seo, ar a dtugtar löyly as Fionlainnis, tuilleadh allais astu, ach san am céanna, bíonn sé ag teip ar chuid acu an teas a sheasamh. Ansin, is minic a chaithfidh siad cromadh chun tosaigh le teacht slán ón gcuid is teo den löyly - is é sin, "umhlú do thiarna an löyly" (kumartaa löylyherralle).

Le linn a bheith ag bárcadh allais, bíonn na Fionlannaigh á mbualadh féin le ceangaltáin de chraobha beithe, ar a dtugtar vihtavasta i gcanúintí éagsúla na Fionlainnise. Is é is cuspóir leis an mbuailteoireacht seo ná an craiceann a imchuimilt is a ghlanadh.

Is minic a thógann na hionnaltóirí scíth nó sos ón ngalfholcadh agus iad ag tógáil cithe nó ag caitheamh tamaill ag snámh idir dhá bhabhta sa sána. Má tá an geimhreadh ann agus leac oighir thar an loch, is féidir poll ar leith (Fionlainnis: avanto) a dhéanamh sa leac oighir le go bhféadfadh na hionnaltóirí tumadh a bhaint as an uisce ansin. Mura bhfuil poll sa leac oighir, is féidir leo únfairt a dhéanamh sa sneachta freisin.

Teach allais, An Cloichreán,[3] Contae Liatroma
Teach allais,, athchruthú údarach, Caisleán Parke, Contae Liatroma
Baile Uí Dhonnagáin,[4] Contae Chorcaí

Níl sé ceadaithe éadaí ar bith a chaitheamh sa seomra allais. Briseadh nóis a bheadh ann. Níl sé as an ngnáth ach an oiread go mbíonn fir agus mná ag folcadh in éineacht, go háirithe más baill d'aon teaghlach iad. Ní bhíonn na Fionlannaigh ag labhairt ach an-chorrfhocal le linn an ghalfholctha, agus ní bheadh sé ag cur leis an mbéasaíocht ach an oiread spallaíocht nó súgradh gnéis a dhéanamh sa sána, thar na háiteanna eile. An dóigh a dtugtar "sána" ar dhrúthlanna nó ar chlubanna gnéis i dtíortha coimhthíocha go minic, glacann an Fionlannach leis mar mhasla, ós rud é gur áit glainíneachta, seachas áit drúise, é an sána i dtraidisiún na Fionlainne. Scéal eile ar fad é gur áit a bhí ann, fadó, ina saolaítí na leanaí, ós rud é gur minic nach raibh áit eile ar fáil faoin tuath a bheadh sách glan agus sách saor ó na baictéir is na frídíní eile le haghaidh na hoibre sin. Inniu féin, is onóir é má deirtear faoi dhuine gur sa sána a rugadh é, nó is ionann sin is a rá go bhfuil fréamha folláine aige i seansaol na tíre.

An té a théann ag snámh i gceann de na poill phoiblí snámha san Fhionlainn, caithfidh sé tamall a chaitheamh sa sána roimh an dreas snámha agus ina dhiaidh. Níl sé ceadaithe culaith shnámha a choinneáil ort istigh sa sána, nó bíonn clóirín in uisce an phoill snámha leis na frídíní a mharú, agus dá rachfá isteach sa sána agus iarsmaí an chlóirín seo fágtha i do chulaith, ghalódh an clóirín i dteas an tsabhna agus d'fhéadfadh sé ailléirge a chur ar na hionnaltóirí eile.

Tá taifead ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta d’os cionn 300 teach allais[5] - nó áith allais - ar fud oileán na hÉireann. Is fear ón bhFrainc, Chevalier de Latocnaye a rinne an chéad chur síos scríofa ar na tithe allais in Éirinn ina leabhar Promenade d’un Français dans l’Irlande (1796-97). Scríobh seisean go mbíodh daoine ag úsáid na dtithe allais le leigheas a fháil ar aicídí éagsúla, fiabhras, slaghdán teaspaigh, scoilteacha agus mar sin de. As cloch atá na tithe allais atá le feiceáil fós ar fud na hÉireann déanta.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, steam bath
  2. 1 2 Bridget Bhreathnach (14 Bealtaine 2026). "An Ghaeilge sa sána, Cúipid an Chaighdeáin Oifigiúil, foghlaimeoirí na Dála" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-05-15.
  3. logainm.ie. "An Cloichreán / Cleighran". Dáta rochtana: 2026.
  4. logainm.ie. "Baile Uí Dhonnagáin". Dáta rochtana: 2026.
  5. i mBéarla, Irish sweathouse