Sábháilteacht ar líne san Astráil
| Cineál | Act of the Parliament of Australia (en) | ||
|---|---|---|---|
| Tír | an Astráil | ||
| Baint le limistéar údaráis | an Astráil | ||
| Croineolaíocht | |||
| 10 Nollaig 2024 | Royal assent (en) | ||
| Saothar iomlán ar fáil ag URL | legislation.gov.au… | ||

Tharraing sábháilteacht ar líne don aos óg san Astráil conspóid sna 2020idí. Ar an 10 Nollaig 2025, cuireadh cosc ar na meáin shóisialta san Astráil do dhaoine faoi 16 bliana d’aois, nuair a tháinig an Online Safety Amendment (Social Media Minimum Age) Act 2024[3] i bhfeidhm. Bhí bac curtha ar dhaoine óga cuntais a bheith acu ar Facebook, Instagram, Reddit, Snapchat, TikTok, X/Twitter, Threads, Twitch, Kick, YouTube agus a leithéidí.[1]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí na meáin shóisialta fite fuaite i saol an duine óig sna 2020idí. Cé go bhfuil contúirtí ag baint leo,[4] tá buanna móra leo freisin.[5]
Ní rud nua é go mbeadh teorainn aoise curtha ar tháirgí éagsúla (deochanna alcólacha mar shampla agus clubanna oíche). Ba í an Astráil an chéad tír ar domhain a raibh cosc dá leithéid curtha acu ar na meáin shóisialta.
Córas fíoraithe aoise
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá seirbhís ‘k-ID’[6][7] in úsáid, mar shampla, a dhéanann clárú oifigiúil aoise agus aipeanna ar nós SnapChat á n-úsáid le haois na n-úsáideoirí a sheiceáil agus a dheimhniú. Caithfidh gach duine atá ag iarraidh SnapChat a úsáid san Astráil a gcuid sonraí a chur ar fáil do k-ID.[8]
Tá na tíortha eile ar fud an domhain ag faire ar shampla na hAstráile le feiceáil cén chaoi a n-éireoidh leis an gcosc; an spreagfaith an clí inniúlacht agus nuálaíocht sna bealaí le teacht thart ar choscanna aoise digiteacha?
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chaill na milliúin páistí agus déagóirí an fháil a bhí acu ar a gcuntais agus iachall curtha ar na haipeanna iad a bhaint de na hardáin nó fíneáil suas le $50 milliún a íoc. Laghdaigh an dlí an ró-úsáid a bhí á baint as na meáin shóisialta, agus thar aon ní eile, an brú a bhí á chur ar dhaoine óga a bheith orthu.[9][5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 "IN FULL: eSafety Commisioner Julie Inman Grant addresses National Press Club | ABC NEWS" (as Béarla) .
- ↑ "Julie Inman Grant" (as en) (2025-12-11). Wikipedia.
- ↑ "Online Safety Amendment" (as en) (2025-12-12). Wikipedia.
- ↑ mar a léirigh taighde a tháinig amach in 2025 agus cláir ar nós Adolescence a tharraing cuid mhaith cainte
- 1 2 Bridget Bhreathnach (11 Nollaig 2025). "An Eilf ar an tSeilf ar ais ag diabhlaíocht, cosc ar na meáin shóisialta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-13.
- ↑ "k-ID | Engage, Expand and Empower your youth audience, wherever they are" (en). www.k-id.com. Dáta rochtana: 2025-12-13.
- ↑ "K-ID" (as en) (2025-11-21). Wikipedia.
- ↑ Josh Taylor, Josh Taylor Technology reporter (2025-12-09). "Social media ban explained: when does it start in Australia, how will it work and what apps are being banned for under-16s?" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-12-13.
- ↑ "OII | Is an under-16 social media ban the right course?" (en-GB). www.oii.ox.ac.uk. Dáta rochtana: 2026-02-18.