Río Bravo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceann de na príomh-aibhneacha sna Stáit Aontaithe Thiar Theas agus i dtuaisceart Mheicsiceo is ea an Río Bravo (Béarla: Rio Grande) (an ceann eile ná an Río Colorado). Éiríonn an abhainn i lárdheisceart Cholorado sna Stáit Aontaithe agus sreabhann sí isteach i Mhurascail Mheicsiceo.[1] Ar an tslí, cruthaíonn sí cuid den teorainn idir Meicsiceo agus na Stáit Aontaithe. De réir an Comisión Internacional de Límites y Aguas (Béarla: International Boundary and Water Commission) tá an abhainn 3.051 km ar fhad iomlán. Ag brath ar conas atá sí a thomhas, is í an ceathrú nó an cúigiú abhainn is faide i Meiriceá Thuaidh.[2]

Feidhmíonn an abhainn mar chuid den teorainn nádúrtha idir Texas agus na Stáit Chihuahua, Coahuila, Nuevo León agus Tamaulipas de chuid Meicsiceo. Feidhmíonn stráice an-ghearr den abhainn mar chuid den teorainn idir Texas agus Nua-Mheicsiceo. Ó lár an 20ú haois, toisc go raibh an iomarca tomhaltais uisce sna feirmeacha agus sna cathracha chomh maith, agus go leor mórdhambaí, atreorú an abhainn agus ní raibh ach 20% dá uisce nádúrtha a scaoileadh le sruth isteach sa Mhurascaill. Gearr do bhéal na habhann, tá an réigiún talmhaíochta 'El Valle del Río Grande' Béarla: Rio Grande Valley). tábhachtach. Tá an Río Bravo (nó an Rio Grande) ar cheann de na 19 n-Uiscí Móra aitheanta ag an 'Great Waters Coalition'.[3]

Clúdaíonn dobhardhroim an Río Bravo 472,000 km2 [4]

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Oileán laistigh den Río Bravo ón North Valley in Albuquerque, Nua-Mheicsiceo

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mighty Rio Grande Now a Trickle Under Siege April 12, 2015
  2. "Rio Grande".
  3. "America's Great Waters Coalition". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-08-15. Dáta rochtana: 2017-01-17.
  4. Benke, Arthur C. (2005). "Rivers of North America": 186–192. Academic Press.