Ryan’s Daughter
Ryan's Daughter ![]() | |
---|---|
Buneolas | |
Stiúrthóir | David Lean ![]() |
Príomhcharachtair | |
Léiriú | Anthony Havelock-Allan ![]() |
Script | Robert Bolt ![]() |
Ceol | Maurice Jarre ![]() |
Grianghrafadóireacht | Freddie Young ![]() |
Eagarthóireacht scannáin | Norman Savage (en) ![]() ![]() |
Comhlacht léiriúcháin | Metro-Goldwyn-Mayer ![]() |
Dáileoir | Metro-Goldwyn-Mayer agus Netflix ![]() |
Mionsonraí | |
Tír bhunaidh | an Ríocht Aontaithe ![]() |
Céadléiriú | 1970 ![]() |
Fad ama | 189 min ![]() |
Bunteanga | Béarla ![]() |
Dath | daite ![]() |
Cur síos | |
Bunaithe ar | Madame Bovary ![]() |
Seánra | scannán drámaíochta agus scannán bunaithe ar úrscéal ![]() |
Príomhábhar | Óglaigh na hÉireann ![]() |
Suíomh scéalaíochta | Éire ![]() |
Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán | |
Ainmnithe do | |
Gradam a fuarthas | |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Is scannán rómánsúil agus stairiúil é "Ryan's Daughter" (1970) a stiúir David Lean. Tá sé suite in iarthar na hÉireann i ndiaidh Éirí Amach na Cásca, timpeall na bliana 1916–1917. Ghnóthaigh an scannán ocht n-ainmniúchán Oscar agus thug sé dhá cheann leis, ceann don stiúrthóir, agus (níos tábhachtaí don turasóireacht) ceann don chineamatagrafaíocht.[1]




Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an scéal suite i gCiarraí, sa bhliain 1916–17, ag insint scéal grá tríthochaireach faoi Rosy Ryan (Sarah Miles), a pósann múinteoir níos sine (Robert Mitchum), ach a mothaíonn go maith go bhfuil grá aici d’oifigeach Sasanach fraochtha (Christopher Jones).
Duaiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug cineamatagrafaíocht an chreach leis oíche Oscar (mar aon le duais aisteoireachta do John Mills). Thug na léirmheastóirí íde na muc agus na madraí ar an saothar agus ní dhearna David Lean (a raibh na táirgí mór-ráchairte Bridge Over the River Kwai, Lawrence of Arabia agus Dr. Zhivago tagtha óna cheárta roimhe sin) aon scannán eile ar feadh ceithre bliana déag. Ba chuma sin, bhí cóta bán na gCiarraíoch déanta. ‘Is mór an trua nach raibh iníon eile ag an Rianach’ ba ea an port a bhíodh ag muintir na háite ar feadh na mblianta.[1][3]
Léiriú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinneadh an scannán i Super Panavision 70, le ceol ag Maurice Jarre, agus grianghrafadóireacht ag Freddie Young.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Breandán M Mac Gearailt (10 Lúnasa 2016). "Ní hé ‘Star Wars’ an chéad scannán a chuir tírdhreach na hÉireann agus na Gaeltachta os comhair an tsaoil…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-18.
- ↑ "Trá an Choma/Coumeenoole Bay" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2025-06-18.
- ↑ Daithí De Mórdha (13 Nollaig 2019). "Má chloisim ‘Dunquin Pier in Dingle’ uair amháin eile rachaidh mé le báiní" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-18.