Russell Brand

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Russell Brand
Arthur Russell Brand (5622506846).jpg
Guth
Saol
Ainm iomlánRussell Edward Brand
Eolas breitheGrays, 4 Meitheamh 1975 (47 bliain d’aois)
NáisiúntachtAn Ríocht Aontaithe
Áit chónaitheLos Angeles
Shoreditch
Muintir
Céile/CéilíLaura Gallacher (en) Aistrigh  (Lúnasa 26, 2017 -
Páirtí/PáirtitheJemima Goldsmith
Oideachas
Alma materItalia Conti Academy of Theatre Arts (en) Aistrigh
Drama Centre London (en) Aistrigh
TeangachaEnglish language in England (en) Aistrigh
an Béarla
Gairm
Gairmaisteoir, colúnaí, fuirseoir, láithreoir teilifíse, léiritheoir scannáin, pearsa raidió, amhránaí, úrscéalaí, file, ceoltóir, drámadóir, blagálaí, dírbheathaisnéisí, cruthaitheoir YouTube, iriseoir, scríbhneoir scripte scannáin, fuirseoir ar a boinn, aisteoir scannáin, giotáraí, aisteoir teilifíse, léiritheoir teilifíse agus scríbhneoir
Airde1.85 m
Duaiseanna
Uirlis cheoilceol gutha
Cleamhnú
ReiligiúinAn Hiondúchas
IMDbnm1258970
russellbrand.com
Discogs ID1825491
Instagramrussellbrand
Twitterrustyrockets
TikTokrussellbrand

Is fuirseoir, láithreoir teilifíse agus aisteoir Sasanach é Russell Edward Brand. Rugadh é in Essex ar an 4 Meitheamh 1974. Bhí sé pósta le Katy Perry ó 23 Deireadh Fómhair 2010 go Iúil 2012.

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seó grinn ar do bhoinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí a chéad seó grinn mór le rá ag Russell nuair a ghlac sé páirt i gcomórtas grinn, The Hackney Empire New Act of the Year, sa bhliain 2002. Níor bhuaigh sé ach spreag sé suim John Noel, gníomhaire a bhí i láthair ag an ocáid. Bhí a chéad turas náisiúnta aige i 2006, darbh ainm Shame, a bhí bunaithe ar scéalta náireacha a tharla in a shaol. Ó shin tá cur i láthair déanta aige i Little Britain Live agus The Secret Policeman's Ball chomh maith le turas náisiúnta eile i 2007.

Láithreach Teilifíse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Russell a ghairm teilifíse ar MTV ach chaill sé a phost i 2001 toisc gur ghléas sé mar Osama bin Laden an lá i ndiaidh 9/11. Sa bhliain 2002 rinne sé RE:brand ar stáisiún satailíte UK Play, i ngach eagrán rinne sé gníomh sáraithe geise. Sa bhliain 2004 thosaigh sé ag láithreach ar E4 ar seó darbh ainm Big Brother's Big Mouth i 2004. D'fhág sé an clár i 2007 ach ghlac sé páirt i Big Brother Celebrity Hijack i 2008. Níor éirigh rómhaith le clár eile a bhí aige ar E4 darbh ainm Russell Brand's Got Issues, níor mhair sé ach do shraith amháin. Rinne sé clár grinn ar do bhoinn darbh ainm Ponderland ar Channel 4 i 2007, tosóidh an dara sraith sa gheimhreadh 2008.

Aisteoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá aisteoireacht teilifíse déanta ag Russell sa dráma coirscéalta The Bill, chomh maith leis an gclár grinn The Abbey i 2007. Bhí a chéad ról mór le rá aige sa scannán Hollywood 2008 Forgetting Sarah Marshall, fuair sé léirmheasanna iontacha dá pháirt agus mar sin d'éirigh sé i bhfad níos cáiliúla i Meiriceá thar oíche. Bhí mionpháirt aige sa scannán Penelope sa bhliain 2007 chomh maith le ról i St. Trinians mar Flash Harry. Beidh a céad scannán eile Bedtime Stories le Adam Sandler.

Raidió[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh gairm Russell ar an raidió i 2002 ar Xfm ach chaill sé a phost toisc gur léigh sé ábhar pornagrafach ar an aer. In Aibreán 2006 fuair sé post ar BBC 6Music a bhog thall go BBC Radio 2 i mí na Samhna den bhliain chéanna. Meallann an clár 2 milliún éisteoir.

Gradaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Russell Brand ag láithriú seó i Londain
  • PETA Europe
    • Europe's Sexiest Vegetarian 2006[8]
    • Europe's Sexiest Vegetarian 2007[9]
    • World's Sexiest Vegetarian 2007[9]
  • Channel 4's 100 Greatest Stand-Ups
    • 69ú
  • The Sun
    • Shagger of the Year 2006
    • Shagger of the Year 2007

Obair Roghnaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Láithreas Teilifíse[cuir in eagar | athraigh foinse]

DVDs eisithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Russell Brand: Live (2006)
  • Russell Brand: Doing Life (2007)

Scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dlúthdhiosca[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • My Booky Wook (2007)
  • Irons in the Fire (2007)
  • Articles of Faith (2008)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]