Rudolf Duala Manga Bell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRudolf Duala Manga Bell

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1873
Douala Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Lúnasa 1914
40/41 bliana d'aois
Douala Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Crochadh)
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Kamerun Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasal (1908–1914) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairManga Ndumbe Bell

Duala agus ceannaire frithbheartaíochta, i gcoilíneacht Ghearmánach Kamerun (An Camarún) ab ea Rudolf Duala Manga Bell (1873 – 8 Lúnasa 1914). Tar éis dó a chuid oideachais a fháil i gCamarún agus san Eoraip araon, tháinig sé i gcomharbacht ar a athair Manga Ndumbe Bell ar 2 Meán Fómhair 1908, ag sodar i ndiaidh rialtóirí Eorpacha, agus ag tacú go ginearálta le húdaráis choilíneach na Gearmáine. Bhí sé saibhir go leor agus léannta, cé gur fhág a athair fiach suntasach air.

Sa bhliain 1910 d'fhorbair an Reichstag Gearmánach plean chun muintir Duala a bhí ina gcónaí cois na habhann a athlonnú, a bhogadh intíre chun ligean do lonnaíochtaí, go hiomlán Eorpach, a cheadú cois abhann. D'éirigh Manga Bell ina cheannaire ar fhriotaíocht uile-Duala i gcoinne an bheartais. Chuir sé féin agus na taoisigh eile brú ar an riarachán ar dtús trí litreacha, achainíocha, agus argóintí dlíthiúla,ach tugadh neamhaird orthu nó bréagnaíodh iad. Thiontaigh Manga Bell chuig rialtais Eorpacha eile chun cabhair a fháil, agus chuir sé ionadaithe chuig ceannairí na bpobal Camarúnach eile chun treascairt réimeas na Gearmáine a mholadh. Thuairiscigh Sultan Ibrahim Njoya de mhuintir Bamum a ghníomhartha do na húdaráis, agus gabhadh ceannaire na nDuala. Tar éis triail achomair, crochadh Manga Bell le haghaidh tréas ard an 8 Lúnasa 1914. Rinne a chuid gníomhartha mairtíreach as, i súile na gCamarúnach. Féachann scríbhneoirí ar nós Mark W. DeLancey, Mark Dike DeLancey, agus Helmuth Stoecker ar a ghníomhartha mar shampla luath den náisiúnachas Camarúnach.

Luathshaol agus réimeas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Manga Bell sa bhliain 1873 i Douala, i gcoilíneacht Ghearmánach Kamerun. Ba é an ba shine é de Mhanga Ndumbe Bell, rí ar shliocht Bell mhuintir Duala. Tógadh Manga Bell chun tuiscint a fháil ar bhealaí maireachtála na hAfraice agus na hEorpa. Bhí tionchar mór ag a uncail Iartharaithe David Mandessi Bell air,[1] agus ina óige d'fhreastail sé mar ar scoil i nDouala agus sa Ghearmáin araon.[2] Le linn na 1890í d'fhreastail sé ar Giomnáisiam Ulm, an Ghearmáin, cé nach maireann aon taifead díreach dá chuid ama ann. Rinneadh Manga Bell in Ein-Jähriger, rud a thugann le fios go raibh teastas oideachais aige thar an mbunleibhéal ach faoi bhun an Abitur.[3] Nuair a d'fhill an Prionsa ar Kamerun, bhí sé ar cheann de na fir ab airde oideachas sa choilíneacht de réir caighdeáin an Iarthair.[4] Thug sé cuairteanna tréimhsiúla eile ar an Eoraip, mar shampla nuair a thaistil sé go Beirlín, an Ghearmáin, agus Manchain, Sasana, lena athair i 1902. I Manchain, bhuail sé leis an méara ag halla an bhaile agus luadh é in eagrán Dheireadh Fómhair den African Times (áit a raibh amhras ar an eagarthóir go raibh fuil ríoga aige agus a athair).[5] Phós Manga Bell Emily Engome Dayas, iníon trádálaí Sasanach agus bean Duala.[6]

Nuair a fuair a athair bás ar 2 Meán Fómhair 1908, tháinig Manga Bell i gcomharbacht ar rí ar shliocht Duala Bell. Insealbhaigh príomh-cheannaire Bonaberi,[7] sa mhodh traidisiúnta é, ar 2 Bealtaine 1910 . Fuair Manga Bell pinsean 8,000 marc le hoidhreacht,[8] leasanna cócó agus adhmaid i ngleann Abhainn Mungo, maoin agus eastát réadach i nDouala,[9] agus post brabúsach mar cheannaire cúirte achomhairc a bhfuil dlínse aige ar cladaí Kamerun.[10] D’fhág a athair agus a sheanathair, Ndumbe Lobe Bell, é i riocht láidir polaitiúil agus Bell ceannasach ar na sleachta Duala eile.[11] Mar sin féin, d'fhág a athair fiach suntasach de 7,000 marc air freisin.[12] Cuireadh iachall ar Rudolf Duala Manga Bell foirgnimh a ligean ar cíos do leasanna Eorpacha agus a oifigí féin a aistriú intíre go dtí comharsanacht na nDouala i Bali.[13] Bhí 200 heicteár de phlandálacha cócó faoi úinéireacht aige i 1913, cuid mhór de réir caighdeáin Duala [14]; laghdaíodh a fhiach go 3,000 marc faoin 13 Iúil 1912.[15]

Ba de nádúr na hEorpa é réimeas Manga Bell. Bhí a chaidreamh leis na Gearmánaigh dearfach den chuid is mó, agus breathnaíodh air mar shaoránach agus comhoibrí maith. Mar sin féin, ag amanna tháinig sé salach ar na riarthóirí coilíneacha. Sa bhliain 1910, mar shampla, ghabh údaráis na Gearmáine é agus chuir siad ina leith (gan aon chruthúnas) go raibh sé claonpháirteach le robáil bainc mhóir.[16]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Austen and Derrick 126.
  2. DeLancey and DeLancey 168.
  3. Austen and Derrick 221 note 167.
  4. Austen and Derrick 132.
  5. Brunschwig 54; Green 23.
  6. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named A&D 126
  7. Ngoh 350.
  8. Brunschwig 54.
  9. Austen and Derrick 130, 132
  10. Austen 14.
  11. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named A&D 1322
  12. Austen and Derrick 132–3.
  13. Austen and Derrick 133.
  14. Clarence-Smith 157.
  15. Austen and Derrick 221 note 169.
  16. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named A&D 1323