Ruairidh MacIlleathain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRuairidh MacIlleathain
Beathaisnéis
Breith1956
67/68 bliana d'aois
An Tasmáin, Astráil Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, craoltóir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaGaeilge na hAlban

Craoltóir agus scríbhneoir Gàidhlig é Ruairidh MacIlleathain a bhfuil spéis aige i bhfoghlaim na Gàidhlig, san oidhreacht nádúrtha agus sa timpeallacht. Tá sé ina chónaí in Inbhir Nis, cé go mbíonn sé ar an Tearmann (tír a shinsearachta) chomh maith agus ar bhád ar thaobh thiar na Gaeltachta. I ndiaidh na mblianta sa Tasmáin, mar a raibh sé ina mhúinteoir bitheolaíochta, bhog Ruairidh agus a bhean Kerrie go hAlbain sa chaoi is go dtógfaí a mbeirt chlainne le Gàidhlig (tá an bheirt acu líofa anois, mar atá Kerrie féin). Bhí Ruairidh ina mhac léinn i Sabhal Mòr Ostaig ar feadh bliana sula bhfuair sé post ag plé le cúrsaí nuachta sa BBC in Inbhir Nis in 1992. D'fhág sé an BBC chun obair as a stuaim féin sa bhliain 1997 agus ón uair sin tá sé tar éis a bheith ag plé le go leor gnónna éagsúla atá ceangailte le Gaeilge na hAlban — teagasc, cúrsaí a eagrú, craoltóireacht, scríbhneoireacht, scéalaíocht is eile. Bíonn daoine as gach cearn den domhan ag éisteacht leis na cláir raidió sheachtainiúla atá aige - Litir do Luchd-ionnsachaidh (Litir d'Fhoghlaimeoirí) agus An Litir Bheag, a bhfuil na mílte díobh ann anois, agus tá ráchairt mhór ar na cúrsaí nádúir aige ina dtaispeánann sé an nasc láidir idir Gaeilge na hAlban agus timpeallacht na hAlban. Bronnadh stádas Ambasadóir na Gàidhlig air ag Mòd Nàiseanta Dhùn Omhain in 2012. Tá Ruairidh tar éis scéalta do pháistí agus leabhair faoi logainmneacha a scríobh, agus bhuaigh nóibhille dá chuid — "An Creanaiche" (An Fulangaí) — an dara háit i gcomórtas Duais Dhòmhnaill Meek in 2015. Is é Còig Duilleagan na Seamraig (Cúig Dhuilleog na Seamróige) an chéad úrscéal lánfhada uaidh. Bhuaigh sé Duais Dhòmhnaill Meek in 2018.

Bhí sé ina eagarthóir ar an tréimhseachán Cothrom ag Clì Gàidhlig.

Clár leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]