Jump to content

Roxanna Nic Liam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRoxanna Nic Liam
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0931613 TMDB.org: 78287 Cuir in eagar ar Wikidata

Is aisteoir Éireannach í Roxanna Nic Liam a rugadh i mBaile Átha Cliath. Bhain sí cáil amach sa sobaldráma Fair City agus go leor scannán agus drámaí eile. Gaeilgeoir í Roxanna a scríobhann filíocht agus píosaí ‘Rap’ chomh maith.[1][2]

Fair City

D’oibrigh Roxanna go leor comhlachtaí, cosúil le hAmharclann na Mainistreach, Amharclann an Druid, THEATRE club, An Amharclann Náisiúnta, Londain, Brokentalkers agus The English Touring Theatre. Rinneadh mearscaipeadh ar an ngearrscannán ‘Siúcra[3][4][5] a scríobh sí faoin nGaeilge.[6]

Mar fhile, téann sí ar camchuairt timpeall na tíre chuig na féilte móra ar nós Body and Soul, All Together Now, An Phicnic Leictreach agus Ionad na hÉireann, Londain.

Bhí Roxanna ar dhuine den dream a bhunaigh an grúpa ‘East Wall for All’[7] i dtús na trioblóide in Ionad Soláthair Dhírigh sa Phort Thoir.[1] Deir sí go bhfuil aithne mhaith aici ar dhaoine a bhí ag léirsiú i dtús ama agus atá anois ag obair go deonach chun cabhrú leis an ionad agus leis na daoine a tháinig anseo agus iad i gcruachás.[8]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 "Fair City Star: I'm Proud To Be From East Wall But Where There's Fear, People Will Prey On It" (en-GB) (2023-09-08). Dáta rochtana: 2025-04-01.
  2. "Seal le Dáithí - Roxanna Nic Liam | Player | TG4 | Irish Television Channel, Súil Eile" (as en-ie) .
  3. "‘Siúcra’: Roxanna Nic Liam’s Ode to the Irish Language" (en-US). universitytimes.ie. Dáta rochtana: 2025-04-01.
  4. 1 2 Roxanna Nic Liam (2021-03-24). "Siúcra" axis Ballymun.
  5. Phléigh Nic Liam a caidreamh leis an nGaeilge agus an tionchar a bhí ag an teanga uirthi i monalóg sa ghearrscannán. Pléitear go dátheangach ann téamaí éagsúla ar nós áilleacht na Gaeilge mar theanga, a háit i mBaile Átha Cliath, na castachtaí agus deacrachtaí a chuireann as don fhoghlaimeoirí, agus ról na teanga i bhféiniúlacht na nÉireannach. Ba í Roxanna féin a scríobh agus a léirigh an gearrscannán, Cathal Mac an Bheatha a stiúir, agus lucht Axis Bhaile Munna a choimisiúnaigh. https://nos.ie/meain/na-hailt-is-mo-leamh-ar-nos-in-2021/
  6. "Roxanna Nic Liam". bloc.tg4.ie. Dáta rochtana: 2025-04-01.
  7. "EAST WALL FOR ALL" (en-US). EAST WALL FOR ALL. Dáta rochtana: 2025-04-01.
  8. Mairéad Ní Nuadháin (21 Márta 2025). "Drochsheans gur inis Conor McGregor scéal Roxanna Nic Liam do Donald Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-01.