Jump to content

Rosemary Dobson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRosemary Dobson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith18 Meitheamh 1920
Sydney, New South Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Meitheamh 2012
92 bliana d'aois
Canberra, Australian Capital Territory Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Sydney
Frensham School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht na hAstráile, eagarthóireacht, maisiú agus filíocht na hAstráile
Gairmfile, eagarthóir rannchuidithe, scríbhneoir, maisitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

Discogs: 4380953 Cuir in eagar ar Wikidata

File Astrálach ba ea Rosemary de Brissac Dobson (Oifigeach Ord na hAstráile) (18 Iúil 1920 – 27 Meitheamh 2012).[1] Bhí sí ina heagarthóir agus ina léaráidí freisin.[2] D’fhoilsigh sí ceithre chnuasach déag filíochta agus aistríodh a saothar go Fraincis agus go teangacha eile.[3]

Rugadh Rosemary Dobson in Sydney mar an dara hiníon de A.A.G. (Arthur) Dobson, a rugadh i Sasana, agus Marjorie (née Caldwell). Ar thaobh a hathar ba é a seanathair Henry Austin Dobson, file agus aistí. D’fhreastail sí ar Frensham School, agus d’fhan sí ann mar phrintíseach múinteora ealaíne agus stair ealaíne.[4]

Nuair a bhí sí bliain is fiche d’aois, chuaigh sí ar Ollscoil Sydney mar mhac léinn gan chéim,[4] agus rinne sí staidéar ar dhearadh faoin ealaíontóir Astrálach Thea Proctor.[3] Bhí ina heagarthóir agus ina léitheoir ag an bhfoilsitheoir Angus and Robertson.[5]

Phós sí an foilsitheoir Alec Bolton (1926–1996), fear ar bhuail sí leis agus í ag obair ag Angus and Robertson in Sydney, agus bhí triúr clainne acu. Chuir sí aithne ar scríbhneoirí agus ar ealaíontóirí eile, leithéidí an fhile Douglas Stewart, a bhean chéile Margaret Coen arbh ealaíontóir í, an scríbhneoir agus ealaíontóir Norman Lindsay, agus na filí Kenneth Slessor agus James McAuley. Bhí siad ina gcónaí i Londain idir 1966 agus 1971, agus shiúil sí an Eoraip agus chuir feabhas ar an eolas a bhí aici ar an ealaín.[2]

In 1971 d’aistrigh sí féin agus Alec go Canberra, áit ar chuir Alec Rannóg na Foilsitheoireachta ar bun i Leabharlann Náisiúnta na hAstráile. Bhí siad mór leis na filí David Campbell, A. D. Hope, R. F. Brissenden agus leis an gcriticeoir Dorothy Green.[4]

Ceapadh an deirfiúr ba shine aici, Ruth Dobson, mar an gcéad taidhleoir proifisiúnta mná de chuid na hAstráile.[4]

Fuair Rosemary Dobson bás i dteach altranais in Canberra ar an 27 June 2012.[1]

Thosaigh Dobson ag scríobh filíochta agus í seacht mbliana d’aois.[4] Foilsíodh an chnuasach aici, In a Convex Mirror, in 1944, agus lean trí chnuasach déag eile é. Tuganna saothar léargas ar an ngrá a bhí aici ar ealaín, ar mhiotaseolaíocht agus ar an tseandacht[6] agus ar a saol mar mháthair.

Mhaígh Douglas Stewart gur dhuine spioradálta í "in the deepest and most important sense".[7] Dúirt Dobson féin i réamhrá Selected Poems (1973):

"I hope it will be perceived that the poems presented here are part of a search for something only fugitively glimpsed, a state of grace which one once knew, or imagined, or from which one was turned away. Surely everyone who writes poetry would agree this is part of it - a doomed but urgent wish to express the inexpressible".[7]

Chuir sí trí dhíolaim in eagar agus aistriúcháin ar fhilíocht Rúiseach in dhá cheann acu, aistriúcháin a rinne sí in éineacht le David Campbell. Scríobh sí prós freisin.

Tall glass, round loaf and tumbled cloth
And leaning flask of smoky brown,
The guttered candle and the cask;
And Time and Silence flowing down,

Welling against the canvas, held
By stroke and feather-touch of paint
As one might build a weir to hold
Some spreading pool in sweet restraint.(Sliocht as "Still Life")

Gloine ard, builín cruinn, éadach
In aimhréidh, fleasc claonta smúite,
An choinneal dhóite is an casca;
Is sileadh anuas an Ama is an Chiúnais

Ag borradh in aghaidh an chanbháis is gafa
Ag teagmháil mhín fhíneáilte na péinte
Mar a thógfá cora a choinneálfadh
Linn leathan i ngreim mínbhéasach.

  • 1948: Duais Filíochta The Sydney Morning Herald as The Ship of Ice
  • 1966 Duais Filíochta Astrálaí Myer II as Cock Crow[8]
  • 1977 Ball Onórach Chomhghairm Ollscoil Náisiunta na hAstráile[8]
  • 1979: Duais Christopher Brennan/Duais Robert Frost Award
  • 1984: Duais Patrick White
  • 1984: Duais Filíochta Grace Leven as an gCnuasach Filíochta is Fearr sa Bhliain seo, The Three Fates & Other Poems
  • 1985: Comhbhuaiteoir Dhuais Liteartha Chéad Aire Victoria as The Three Fates
  • 1986: Ball Saoil Onórach an Chumainn um Staidéar ar Litríocht na hASstráile
  • 1987: Oifigeach Ord na hAstráile [9]
  • 1996: Duais Emeritus Scríbhneoira Chomhairle na hAstráile
  • 1996: Dochtúir Onórach Litreacha Ollscoil Sydney
  • 2001: Duais Filíochta agus Duais Leabhar na Bliana as Untold Lives & Later Poems
  • 2006: Duais Alice New South Wales
  • 2006: Duais Speisialta de chuid Dhuaiseanna Liteartha Chéad Aire New South Wales

Filíocht

  • In a Convex Mirror (Dymocks, 1944)
  • The Ship of Ice (Angus & Robertson, 1948)
  • Child with a Cockatoo (Angus & Robertson, 1955)
  • Selected Poems (Angus & Robertson, 1963)
  • Cock Crow (Angus & Robertson, 1965)
  • L'Enfant au Cacatoès trans. M. Diesendorf & L. Dautheuil (Pierre Seghers, 1965)
  • Selected Poems (Angus & Robertson, 1973) ISBN 0-207-12809-X
  • Greek Coins: A sequence of poems (Brindabella, 1977) ISBN 0-909422-05-2
  • Over the Frontier (Angus & Robertson, 1978) ISBN 0-207-13636-X
  • The Continuance of Poetry (Brindabella, 1981) ISBN 0-909422-09-5
  • The Three Fates & Other Poems (Hale & Iremonger, 1984) ISBN 0-86806-133-6
  • Seeing and Believing (NLA, 1990) ISBN 0-642-10500-6
  • Collected Poems (Collins/Angus & Robertson, 1991) ISBN 0-207-16864-4
  • Untold Lives & Later Poems (Brandl & Schlesinger, 2000) ISBN 1-876040-26-2
  • Poems to Hold or Let Go (Ampersand Duck, 2008) ISBN 978-0-9775906-1-2
  • Rosemary Dobson Collected (UQP, 2012) ISBN 978-0-7022-3911-3

Aistriúcháin

  • Moscow Trefoil: Poems from the Russian of Anna Akhmatova and Osip Mandelstam with David Campbell and Natalie Staples (ANU, 1975) ISBN 0-7081-0141-0
  • Seven Russian Poets: Imitations with David Campbell (UQP, 1980) ISBN 0-7022-1418-3

Neamhfhicsean

  1. 1.0 1.1 "Rosemary Dobson, enduring voice of Australia, dies".
  2. 2.0 2.1 Anderson (1996)
  3. 3.0 3.1 Adelaide (1988) lch 52
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Hooton, Joy (2000) "Rosemary Dobson: A Life of Making Poetry" in Hooton, Joy (eag.) (2000) Rosemary Dobson: A celebration, National Library of Australia ISBN 0-642-10728-9
  5. Rosemary Dobson Contents Page Curtha i gcartlann 27 Meán Fómhair 2007 ar an Wayback Machine (Australian Literature Resources) Accessed: 13 February 2007
  6. Wilde, Hooton and Andrews (1994) lch 135
  7. 7.0 7.1 Smith (1980) lch 334
  8. 8.0 8.1 Hooton (2000a) lch 71
  9. It's an Honour Curtha i gcartlann 2016-03-03 ar an Wayback Machine - Officer of the Order of Australia

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]