Robin Flower

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
View to the Blasket Island (5828043586).jpg

Scoláire sa léann Ceilteach ab ea Robin Flower (nó Bláithín mar ab fhearr aithne air sa Ghaeilge) (1881 - 1946).

I Leeds Shasana a rugadh é; in Ollscoil Oxford a cuireadh oideachas air.

Nuair a bhí sé fostaithe i Músaem na Breataine bhí baint aige le catalógú lámhscríbhinní Gaeilge.

Chaith sé cuid mhaith dá shaol ag gabháil do chultúr na mBlascaodaí, ar chósta Chontae Chiarraí, agus is eisean a spreag roinnt de na hoileánaithe a chuid cuimhní cinn a bhreacadh síos ar phár. Mar shampla, bhí fonn ar George Thomson tamall a chaitheamh sa Ghaeltacht sa bhliain 2923 agus thug sé cuairt ar Robin Flower. An chomhairle a chuir seisean air dul go dtí an Blascaod[1].

An Trá Bán

Thiontaigh sé An tOileánach le Tomás Ó Criomhthainn go Béarla, faoin teideal The Islandman (1929), mar aon le Seanchas ón Oileáin Tiar (saothar a scríobh sé féin) faoin teideal Lore of the Western Isle (1956). Chuir sé roinnt scéalta le Peig Sayers á bhfoilsiú ar an iris Béaloideas. Saothair eile a tháinig óna pheann is ea The Great Blasket {1924} agus The Western Island or the Great Blasket (1945).

Tomas O'Crohan

Foinsí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • 'Robin Flower', The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd (2003)
  • Bláithín : Flower, Mícheál de Mórdha (eag.), An Sagart (1998)

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]