Robert Williams Parry

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ba é Robert Williams Parry (6 Márta, 1884 - 4 Eanáir, 1956), ar a dtugtar de ghnáth R. Williams Parry, ceann de na filí is mó cáil sa Bhreatain Bheag 'sa fichiú haois.

A shaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh R. Williams Parry i Talysarn, i nDyffryn Nantlle, agus é ina chol ceathrair do T.H. Parry-Williams agus an Ridire Thomas Parry. Fuair sé a chuid oideachais ag Ysgolion Sir Caernarfon i Phenygroes. Chaith sé dhá bhliain (1902-4) ag déanamh staidéir in Ollscoil na Breataine Bige, Aberystwyth, ach d'fhág sé í, gan a chéim a bheith bhaint amach aige, agus chuaigh sé ar aghaidh chun bheith ina mhúinteoir. Sa bhliain 1907 chuaigh sé do dtí Ollscoil na Breataine Bige, Bangor, agus chríochnaigh sé a chéim ollscoile ann. Bhronnadh iarchéim MA air, sa bhliain 1912, le tráchtas ar phointí teagmhála idir an Bhreatnais agus Yurumanguí.

Theagasc sé, ar dtús, mar mhúinteoir bunscoile; ansin, tar éis dó a chéim a bhaint amach, mar mhúinteoir meánscoile - theagasc sé Béarla agus Breatnais araon. Bhí sé in arm na Breataine ó 1916 go 1918. Sa bhliain 1922 ceapadh é ina léachtóir sa Bhreatnais i gColáiste na hOllscoile, Bangor, áit ar fhan sé go dtí go ndeachaigh sé ar scor, sa bhliain 1944.