Jump to content

Robert Lynd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRobert Lynd

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Aibreán 1879
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Deireadh Fómhair 1949
70 bliana d'aois
Hampstead, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Chathair Bhéal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste
Foras Ollscolach Bhéal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileSylvia Lynd Cuir in eagar ar Wikidata

Project Gutenberg: 4450

Ba scríbhneoir, eagarthóir filíochta, sóisialaí agus náisiúnaí Éireannach é Robert Wilson Lynd (freisin Roibéard Ó Floinn) (20 Aibreán 1879 – 6 Deireadh Fómhair 1949), a scríobh aistí liteartha ar bhealach réidh galánta

Rugadh Lynd ag 3 Ascaill Brookhill i Cliftonville, Béal Feirste do Robert John Lynd, ministir Preispitéireach, agus Sarah Rentoul Lynd, an dara duine de sheachtar clainne. Chuaigh seanathair athartha Lynd ar imirce ó Albain go hÉirinn. [1]

Fuair Lynd a chuid oideachais i bhForas Ollscolach Bhéal Feirste,(Royal Belfast Academical Institution) áit ar charadaigh sé le James Winder Good agus Paul Henry,[2] agus rinne sé staidéar in Ollscoil na Banríona. Chaith a athair téarma mar Mhodhnóir ar Eaglais Phreispitéireach mar dhuine de shliocht fada de chléirigh Phreispitéireacha sa teaghlach. Déanann scríbhneoir aistí ón mbliain 2003 cur síos ar Lynd agus luaitear ann "maternal grandfather, great-grandfather and great-great-grandfather had all been Presbyterian clergymen.""[1]

  1. 1 2 Wesley McCann (2006). "Robert Lynd Biography (free sample)". Book Rags. Dáta rochtana: 20 April 2015.
  2. ↑ Allen. “Good, James Winder”. Dictionary of Irish Biography. Royal Irish Academy. Dáta rochtana: 6 October 2020.