Robert Anthony Welch
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 25 Samhain 1947 Corcaigh, Éire |
| Bás | 3 Feabhra 2013 65 bliana d'aois |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | file, scoláire Béarla, scoláire liteartha, scríbhneoir scripte, scríbhneoir |
| Fostóir | Ollscoil Uladh, ollamh (1984–2009) Ollscoil Leeds |
| Ball de | |
| Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
B'údar agus scoláire Éireannach é Robert Anthony Welch (25 Samhain 1947 – 3 Feabhra 2013).[1]
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Robert Anthony Welch ina Ollamh emeritus le Béarla agus iar-dhéan na dáimhe céanna in Ollscoil Uladh. Chuaigh sé isteach san ollscoil i 1984 mar ollamh le Béarla agus mar cheann ar Scoil an Bhéarla, na Meán agus Léann na hAmharclannaíochta, tar éis dó bheith ag teagasc roimhe sin i Scoil Bhéarla Ollscoil Leeds Shasana, agus in Ollscoil Ife na Nigéire.[2]
Rugadh i Corcaigh é agus fuair sé a chuid oideachais ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus ina dhiaidh sin ar Ollscoil Leeds.[2] Bhain sé céim mháistreachta amach ar Ollscoil Chorcaí faoi stiúir Sheáin Lucy agus ansin chuaigh sé i mbun PhD faoi stiúir an scoláire ar Yeats Norman Jeffares ar Ollscoil Leeds,[3] áit a raibh post mar léachtóir sa Bhéarla aige freisin. Dhírigh a chuid taighde ar an idirghníomhaíocht idir an traidisiún Gaelach agus fhilíocht Béarla na hÉireann, réimse inar bhain sé aitheantas forleathan amach agus a rinneadh tagairt dó go sonrach sa mholadh as ar toghadh ina bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann é sa bhliain 2008.
Bhí Welch pósta le Angela O'Riordan, agus bhí ceathrar clainne acu, ina measc an stiúrthóir amharclainne Rachel O'Riordan.[4] B'úrscéalaí agus file é Welch sa bhreis ar chriticeoir agus eagarthóir, agus d’fhoilsigh sé The Oxford Companion to Irish Literature sa bhliain 1996, leabhar a bhí ar liosta na ndíoltóirí is fearr.[5][fíoras?]
Filíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Muskerry (1991, Dedalus Press) an chéad leabhar filíochta de chuid Welsh dar foilsíodh, agus ina dhiaidh sin tháinig Secret Societies (1997, Dedalus Press) agus The Blue Formica Table (1999, Dedalus Press), agus The Evergreen Road (2004, Lagan Press). Foilsíodh bailiúchán nua dar teideal Constanza i mí Iúil 2010. Sa bhliain 2009, bronnadh Duais Liteartha Uí Chonchúir ar Welch i Mainistir Eimhín, Contae Chill Dara ag scoil samhraidh Gerard Manley Hopkins.
Ficsean
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc ficsean Welch tá The Kilcolman Notebook (1994, Brandon Press), a lean sé le Tearmann (i nGaeilge, Coiscéim, 1997) agus le Groundwork (1997, Blackstaff Press) a ainmníodh ar an New York Times Book Review mar cheann de na leabhair shuntasacha a foilsíodh sa bhliain 1998[6] agus a aistríodh agus a rinneadh sraith de le haghaidh raidió náisiúnta na Slóvaice. Bronnadh duais an Oireachtas 2011, príomhfhéile chultúrtha na Gaeilge, ar Japhy Ryder: Ar Shleasaibh na Mangartan, leabhar staidéar beathaisnéise agus critice.[7]
Foilsíodh dhá scéal ó bhailiúchán dar teideal The Trap of their Hexes ar an Dublin Review, agus foilsíodh scéal eile ón mbailiúchán céanna ar Dhuillí Éireann. Foilsíodh Kicking the Black Mamba: Life, Death, Alcohol and Death, cuimhní cinn a mhic Egan a bádh sa bhliain 2007, i Meán Fómhair 2012 le Darton, Longman agus Todd.[8] Tharraing an leabhar aird shuntasach sna meáin chumarsáide idir nuachtáin, an t-idirlíon, raidió agus teilifíse nuair a eisíodh é agus i ndiaidh a bháis bhain sé an chéad áit amach ar liosta RTÉ de na díoltóirí is fearr. Thug an léirmheastóir Paddy Kenoe "masterpiece of memoir-writing" air.[9][10][11][12]
Critic
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh saothar criticiúil Welch sa bhliain 1980 le Irish Poetry from Moore to Yeats (Colin Smythe), a rinne cur síos den chéad uair ar éachtaí phríomhfhilí Éireannacha na 19ú haoise, rud a spreag saothar William Butler Yeats. Lean saothar eile é seo, ina measc A History of Verse Translation from the Irish: 1789–1897 (1988, Colin Smythe Ltd), Changing States: Transformations in Modern Irish Writing (1993, Routledge). Foilsíodh stair Welch ar Amharclann na Mainistreach sa bhliain 1999 chun comóradh céad bliain a dhéanamh ar chéad léiriúcháin an fhorais a bheadh mar Amharclann Náisiúnta na hÉireann. A History of the Abbey Theatre 1899–1999: Form and Pressure teideal an leabhair seo (1999, Oxford University Press). Rinne sé eagarthóireacht ar W B Yeats: Writings on Irish Folklore, Legend, and Myth (1993) ar son Penguin Books. Foilsíodh an Oxford Companion to Irish Literature sa bhliain 1996, agus ina dhiaidh sin tháinig leagan gonta dó sa bhliain 2000. I measc obair eagarthóireachta eile a scríobh sé bhí Patrick Galvin: New and Selected Poems (le Greg Delanty, 1996, Cork University Press ). Sa leabhar seo tá nótaí agus réamhrá a scríobhadh i gcomhar leis. Scríobh Welch an réamhrá ar Rogha Dánta/Death in the Land of Youth: New and Selected Poems of Seán Ó Tuama (1997, Cork University Press). Eisíodh a chéad saothar iarbháis, The Cold of Mayday Monday, sa bhliain 2014 agus meastar gur "major achievement of scholarship and narrative" atá ann.[13]
Eagarthóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Welch ardeagarthóir ar shraith a d’fhoilsigh Colin Smythe dar teideal Ulster Editions and Monographs ina raibh 16 imleabhar. In éineacht leis an Ollamh Brian Walker ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, bhí sé ina ardeagarthóir ar an tsraith cúig imleabhar The Oxford History of the Irish Book ó Oxford University Press. Foilsíodh Imleabhar 3, dar teideal The Irish Book in English 1550–1800, sa bhliain 2006, faoi eagarthóireacht Raymond Gillespie agus Andrew Hadfield. Foilsíodh Imleabhar 5, dar teideal The Irish Book in English 1890–2000, sa bhliain 2010, faoi eagarthóireacht Clare Hutton agus Patrick Walsh.
Drámadóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Protestants, dráma de chuid Welch, coimisiúnaithe ag Ransom Productions, comhlacht a iníne Rachel O'Riordan sa bhliain 2004 agus rinneadh an chéad léiriú air in Ionad Ealaíon an tSean-Mhúsaeim i mBéal Feirste, agus ina dhiaidh sin chuaigh sé ar camchuairt um Thuaisceart Éireann, Ceann Thiar Londan (Amharclann Soho) agus Dún Éideann (Amharclann Traverse). Sa bhliain 2010, choimisiúnaigh Ransom Productions Welch chun cuid amháin de dhráma dúbailte dar teideal Both Sides a scríobh i gcomhar le David Ireland, dráma a osclaíodh in Amharclann Lyric i Londain.[14]
Gradaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1992, bronnadh Duais léirmheastóireachta an Oireachtais ar Welch, agus sa bhliain 2003 rinneadh Comhalta Taighde Sinsearach Oirirce de chuid Ollscoil Uladh de. Toghadh ina bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann é sa bhliain 2008.[1] Bronnadh Duais Uí Chonchúir air ag Féile Litríochta Gerard Manley Hopkins i gCill Dara sa bhliain 2009.[15]
Saothair fhoilsithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Irish Poetry from Moore to Yeats (Colin Smythe agus Barnes & Noble, Gerrards Cross agus Nua-Eabhrac, 1988),
- The Way Back: George Moore's The Untilled Field and The Lake (Wolfhound Press agus Barnes & Noble, Baile Átha Cliath agus Nua-Eabhrac, 1988)
- A History of Verse Translation from the Irish, 1789–1897 (Colin Smythe agus Barnes & Noble, Gerrards Cross agus Nua-Eabhrac, 1988)
- Literature and the Art of Creation: Essays in Honour of A.N. Jeffares (Colin Smythe agus Barnes & Noble, Gerrards Cross agus Nua-Eabhrac, 1988), eag., in éineacht le Suheil Badi Bushrui, 350 lch.
- Ardeagarthóir, Imleabhair I–XVII, Ulster Editions and Monographs (Colin Smythe agus Barnes & Noble, Gerrards Cross agus Nua-Eabhrac, 1988).
- Muskerry (dánta) (Dedalus Press, 1991), Baile Átha Cliath
- Eagarthóir agus údar an réamhrá, Irish Writers and Religion (Colin Smythe agus Barnes & Noble, Gerrards Cross agus Nua-Eabhrac, 1991)
- W.B. Yeats: Irish Folklore, Legend and Myth (Penguin, 1993), eagarthóir, údar an réamhrá agus na nótaí
- Changing States: Transformations in Modern Irish Writing ( Routledge, 1993)
- Kilcolman Notebook (úrscéal), (Brandon Press, 1993)
- The Oxford Companion to Irish Literature (Clarendon Press, 1996)
- Irish Myths (Appletree Press, Béal Feirste, 1996)
- Patrick Galvin: New and Selected Poems ( Cork University Press, 1996), eagarthóir (le Greg Delanty), comhúdar an réamhrá agus na nótaí
- Secret Societies (dánta) (Dedalus Press, Baile Átha Cliath agus Dufour, Nua-Eabhrac, 1996)
- Tearmann (úrscéal, as Gaeilge) (Coiscéim, Baile Átha Cliath, 1997)
- Groundwork (úrscéal), (Blackstaff Press, 1997)
- The Blue Formica Table (dánta), (Dedalus Press, Baile Átha Cliath agus Dufour, Nua-Eabhrac, 1999)
- The Abbey Theatre 1899–1999: Form and Pressure ( Oxford University Press, 1998)
- The Oxford Companion to Irish Literature (Concise) (eag.), Oxford University Press
- The Evergreen Road (dánta), (Lagan Press, 2006)
- Protestants (dráma), (Lagan Press, 2006)
- The Oxford History of the Irish Book, Vol III (as 5 imleabhar), (Ardeagarthóir in éineacht le Brian Walker, 2006)
- Constanza, (Lagan Press, 2010)
- Japhy Ryder: Ar Shleasaibh na Mangartan, (Coiscéim Press, 2012)
- Kicking the Black Mamba, (Darton, Longman agus Todd, 2012)
- The Cold of Mayday Monday, (Oxford University Press, 2014)
Nótaí agus tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 "Robert Welch obituary". The Guardian.
- 1 2 "Obituary: Robert Welch". The Irish Times.
- ↑ "Non-invasive device could end daily finger pricking for people with diabetes".
- ↑ "Rachel O'Riordan: 'I see Sherman Cymru as the major producing theatre in Wales' - Interviews - The Stage". thestage.co.uk.
- ↑ "MCS Clients".
- ↑ "Notable Books of 1998". The New York Times.
- ↑ "Das Irische Monatsbuch".
- ↑ "Kicking the Black Mamba: Life, Alcohol and Death (Book) by Robert Anthony Welch (2012)".
- ↑ ""Making sense of a son's death". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 November 2012.
- ↑ "Kicking the Black Mamba". Newsletter.
- ↑ "Arts xtra".
- ↑ ""Kicking the Black Mamba: Life, Alcohol & Death by Robert Anthony Welch – RTÉ Ten". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 12 March 2013.
- ↑ "The Cold of May Day Monday: An Approach to Irish Literary History". The Irish Times.
- ↑ "Irish Theatre Magazine | Reviews | Current | Both Sides". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 Meitheamh 2013. Dáta rochtana: 3 Meán Fómhair 2026.
- ↑ "Robert Welch (1947 – 2013) Former Arts Council Board Member Obituary | Arts Council of Northern Ireland".
- Údair Ghaeilge
- Scoláirí agus lucht acadúil na hÉireann
- Scoláirí Gaeilge
- Léirmheastóirí liteartha
- Filí na hÉireann
- Filí Béarla
- Gearrscéalaithe Éireannacha
- Úrscéalaithe Éireannacha
- Úrscéalaithe Gaeilge
- Baill d’Acadamh Ríoga na hÉireann
- Lucht Ollscoil Uladh
- Alumni Choláiste na hOllscoile, Corcaigh
- Alumni Ollscoil Leeds
- Ficsean eolaíochta i nGaeilge
- Ficsean eolaíochta Éireannach
- Fantaisíocht i nGaeilge
- Fantaisíocht Éireannach
- Amharclann na Mainistreach
- Daoine as Contae Chorcaí
- Daoine a rugadh i 1947
- Básanna in 2013