Jump to content

Risteárd de hAe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRisteárd de hAe
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Risteárd de Hae Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1902
Mainistir na Féile, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1976
73/74 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmleabharlannaí Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Risteárd de hAe (Richard James Hayes) (1902 - 1976)[1] Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Ina theannta sin, bhí sé ina chódscaoilteoir i rith an Dara Cogadh Domhanda.[1]

Rugadh é i Mainistir na Féile do Richard James Hayes agus do Kate Whelan. D’éirigh thar barr leis ar scoil i gColáiste Choill Chluana Gabhann, agus i gColáiste na Tríonóide fuair sé trí chéim BA - Léann Ceilteach, Nuatheangacha, agus Fealsúnacht. Ina dhiaidh sin fuair sé dochtúireacht sa dlí.

Thosaigh sé ag obair sa Leabharlann Náisiúnta in 1926, agus in 1927 foilsíodh a leabhar Comparative Idiom: an introduction to the study of modern languages. Ba é a mhórshaothar Clár Litridheacht na Nua-Ghaedhilge 1850-1936, i dtrí imleabhar, agus Brighid Ní Dhonnchadha luaite mar chomhúdar sa chéad imleabhar (1938). Foilsíodh Imleabhar 2 in 1939 agus Imleabhar 3 in 1940. Deir sé san imleabhar deiridh úd go raibh sé chun aguisíní don dá imleabhar eile a bheith san imleabhar sin: “Ach ní dhearna mé sin óir feictear dom gur fearr imleabhar nua a chur le chéile amach anseo a mbeidh cuntas ann faoin méid a foilsíodh ó 1936 mar aon le haguisín do na trí himleabhra”. Níor foilsíodh an aguisín, áfach. In 1940 ceapadh é mar Stiúrthóir sa Leabharlann Náisiúnta, i gcomharbacht ar R. Best.[2]

I rith an Dara Cogadh Domhanda rinneadh oifigeach coimisiúnaithe san Arm de i dtreo go ndéanfadh sé teachtaireachtaí rúnscríofa a léamh: “He was a brilliant cipher breaker and played a leading part in the interception and decoding of messages, which frustrated German attempts to establish an intelligence network in Ireland”.[3] Bhog an Coirnéal Dan Bryan, ceann na Stiúrthóireachta Faisnéise in Éirinn, an scéal leis in 1940 nuair a fuarthas cód i seilbh Wilhelm Preet, an chéad spiaire Gearmánach a gabhadh in Éirinn.[4] D’éirigh go maith le De hAe, agus i bhFeabhra 1941, ar ordú Éamoin de Valera, tugadh oifig dó in éineacht le trí chúntóir chun teachtaireachtaí a dhíchódú a bhí á seoladh ó theach i mBaile Átha Cliath thuaidh, teach ar leis an leagáideacht Ghearmánach é.

Shíl baill de MI5 go raibh sé thar a bheith éirimiúil ("his gifts amounted almost to genius").[5] Bhí sé ar fheabhas chun sifir chasta a bhí bunaithe ar litreacha a dhíchódú. Thug ionadaí de MI5 cuairt ar Bhaile Átha Cliath in 1943 agus lean an dá sheirbhís rúnda orthu ag roinnt faisnéise ar a chéile go deireadh an chogaidh.

Mar Stiúrthóir na Leabharlainne Náisiúnta fuair sé seilbh ar pháipéir Urmhumhan i gcaisleán Chill Chainnigh agus chuir cáipéisí Éireannacha thar lear á micreascannánú. Cuireadh treoir ar fáil do lámhscríbhinní agus do thréimhseacháin (Manuscript sources for the history of Irish civilisation, 1965, agus Sources for the history of Irish civilisation: articles in periodicals, 1970). Foilsíodh a Foclóir Gaeilge agus Frainncise i 1952.[2]

Chuaigh sé ar scor in 1967. Ceapadh é ina leabharlannaí i Leabharlann Sir Alfred Chester Beatty agus ba chathaoirleach ar na hiontaobhaithe é. Fuair sé dochtúireachtaí oinigh ó Choláiste na Tríonóide, Ollscoil na hÉireann agus Coláiste na Ríona.[2]

Phós sé dhá uair. Ba í an chéad bhean aige Claire Keogh (a fuair bás in 1969) agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu; ansin phós sé Maura Deignan. Fuair sé bás ar an 21 Nollaig 1976.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 "NLI: Richard Hayes, Library Director (1940-1967) - National Library of Ireland and the Royal Dublin Society gallery". rds.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-12-04. Dáta rochtana: 2022-01-05.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 De Hae, Risteárd (1902–1976): https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=612
  3. Boylan, Henry. A Dictionary of Irish Biography. Dublin: Gill and Macmillan, 1978, 1988. ISBN 071710866X
  4. Dwyer, T. Ryle (3 September 2010). "Behind the Green Curtain: Ireland's Phoney Neutrality During World War II". Gill & MacMillan. 
  5. O'Halpin, Eunan (1 April 2003). "MI5 and Ireland, 1939-1945: The Official History". Irish Academic Press.