Righneas (ábhair)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An méid fuinnimh is gá chun píosa d'ábhar a bhriseadh. Is tomhas é ar fhriotaíocht an ábhair sin do scaipeadh scoilteanna ann. Is righin aon ábhar atá deacair a stróiceadh nó a bhriseadh ina smidiríní. Tá gloine briosc, ach tá snáithínghloine righin de bhrí go gcuireann na snáithíní gloine atá neadaithe sa roisín bac ar scaipeadh scoilteanna.