Jump to content

Rialtas Schoof

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Chuaigh Rialtas Schoof san Ísiltír, rialtas i bhfad amach ar an eite dheis, i mbun oibre ar an 2 Iúil 2024. Dick Schoof a bhí i gceannas ar an gcomhrialtas Chun comhrialtas a bhunú, tháinig le chéile PVV an Ioslamafóbaigh Geert Wilders, feirmeoirí feargacha an BBB, nualiobrálaigh an VVD agus "deistapóirí"[1] an NSC.[2] Thit an rialtas as a chéile ar an 3 Meitheamh 2025. Níor éirigh leis an rialtas bliain féin a bhaint amach i gcumhacht.[3]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtRialtas Schoof
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
CineálCabinet of the Netherlands (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2 Iúil 2024 - 
Tíran Ísiltír Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisan Ísiltír Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Codanna
Dick Schoof (2 Iúil 2024 – )
Judith Uitermark (2 Iúil 2024 – )
David van Weel (2 Iúil 2024 – )
Eelco Heinen (2 Iúil 2024 – )
Femke Wiersma (2 Iúil 2024 – )
Ruben Brekelmans (2 Iúil 2024 – )
Caspar Veldkamp (2 Iúil 2024 – )
Eppo Bruins (2 Iúil 2024 – )
Mona Keijzer (2 Iúil 2024 – )
Sophie Hermans (2 Iúil 2024 – )
Eddy van Hijum (2 Iúil 2024 – )
Fleur Agema (2 Iúil 2024 – 3 Meitheamh 2025)
Dirk Beljaarts (2 Iúil 2024 – 3 Meitheamh 2025)
Reinette Klever (2 Iúil 2024 – 3 Meitheamh 2025)
Barry Madlener (2 Iúil 2024 – 3 Meitheamh 2025)
Marjolein Faber (2 Iúil 2024 – 3 Meitheamh 2025)
Sophie Hermans (3 Meitheamh 2025 – )
Eelco Heinen (3 Meitheamh 2025 – )
David van Weel (3 Meitheamh 2025 – )
Eddy van Hijum (3 Meitheamh 2025 – ) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinrijksoverheid.nl… Cuir in eagar ar Wikidata
Dick Schoof in 2024
Pieter Omtzigt

Tháinig deireadh le ré san Ísiltír ar an 1 Iúil 2024 nuair a d’éirigh an chéad-aire Mark Rutte as go hoifigiúil – tar éis dó 5,010 lá, nó nach mór 14 bliain, a chaitheamh i gcumhacht agus é i gceannas ar cheithre chomhrialtas éagsúla. Ba é Rutte, nua-liobrálach go smior, an chéad-aire ab fhaide a bhí i gceannas san Ísiltír riamh.[4] Amhail Emmanuel Macron sa Fhrainc in 2024, cinneadh Rutte dul sa seans le toghchán roimh dheireadh a théarma ba chúis le bua mór na heite fíordheise san Ísiltír in 2023. Ansin tháinig deireadh le ré Rutte san Háig.

‘Le chéile’, sin dhá fhocal ar leag Rutte béim orthu arís is arís eile ina aitheasc deireanach mar chéad-aire ar an 30 Meitheamh 2024. Seasaigí le chéile an chomhairle a bhí aige do mhuintir na hÍsiltíre i dtagairt neamhcheilte don chomhrialtas de chuid na heite fíordheise faoi stiúir Dick Schoof (fear ionaid Geert Wilders) a chuaigh i mbun oibre ar an 2 Iúil 2024.

Rialtas Schoof

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rialtas seachpharlaiminte  a bhí sa chomhrialtas. Dick Schoof, iarcheannaire sheirbhís rúnda na hÍsiltíre (AIVD) a bhí i gceannas ar an gcomhrialtas – fear nár chuala mórán daoine trácht air roimh 2024. Níor chaith éinne vóta ar a shon san olltoghchán i mí na Samhna 2023 toisc nach raibh sé ar liosta na n-iarrthóirí.[2]

Ceithre pháirtí a bhí páirteach ann: PVV Geert Wilders, nualiobrálaigh an VVD, feirmeoirí feargacha an BBB agus páirtí nua de chuid an láir, an NSC. Toisc gur thuig chuile cheann de na páirtithe sin, an PVV féin san áireamh, go ndéanfadh sé dochar as cuimse d’íomhá na hÍsiltíre thar lear dá mbeadh fear chomh conspóideach le Geert Wilders ina chéad aire é féin, rinneadh chéad aire d’fhear ionaid, Dick Schoof – ach bhí a fhios ag madraí na sráide gurbh é Geert Wilders féin a bhí i gcumhacht ar chúl an stáitse.

Bhí an comhrialtas chomh míshocair sin ón tús gur beag duine a shíl, nuair a tháinig sé i gcumhacht in 2024, go mairfeadh sé an t-achar sin.

Ar an 4 Meitheamh 2025, tharraing amach Páirtí don tSaoirse (PVV) as an gcomhrialtas (Páirtí an pholaiteora chonspóidigh agus Ioslamafóibigh Geert Wilders). Dar le Wilders, ní dhearna an rialtas dóthain chun stop a chur le teacht iarrthóirí tearmainn agus inimirceach mídhleathach chun na hÍsiltíre – d’ainneoin gur ag an PVV féin a bhí an aireacht Tearmainn agus Inimirce agus go raibh an rialtas seo ar an gceann ba ghéire riamh maidir leis an dá cheist sin.

Ach ní hamháin go raibh an comhrialtas a thit i mí an Mheithimh ar an gceann ab fhaide amach ar an eite dheis dá raibh i gcumhacht san Ísiltír ó bhí an dara cogadh domhanda ann, bhí sé ar an gceann ba chiotaí, ba mhí-eagraithe agus ba mhí-éifeachtaí riamh.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. polaiteoirí a thapaíonn a ndeis
  2. 2.0 2.1 Alex Hijmans (1 Meitheamh 2024). "Ní theastaíonn ó Geert Wilders agus a chomrádaithe go léifeadh an pobal leabhair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-08.
  3. Máirín Ní Ghadhra (6 Meitheamh 2025). "An chorraíl pholaitiúil san Eoraip ag treisiú" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-09.
  4. Alex Hijmans (3 Iúil 2024). "Deireadh le ré Rutte san Ísiltír, an baol ann go bhfuil ré I bhfad níos dorcha romhainn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-07.
  5. Alex Hijmans (5 Meitheamh 2025). "An comhrialtas ba chiotaí riamh san Ísiltír tar éis titim ag an am ba chiotaí agus ab fhéidir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-07.