Rialachán (Aontas Eorpach)
Is gníomh dlí an Aontas Eorpach é rialachán[1][2] a thagann i bhfeidhm ar an dtoirt i ngach ballstáit ag an am gcéanna.[3][4][5] Ní hionann rialacháin agus treoracha, a bhfuil orthu, ar a laghad go teoiriciúil, bheith trasuite i ndlí náisiúnta isteach. Glactar rialacháin le modhanna éagsúla agus brath ar a n-ábhar.[3]
In ainneoin an ainm,[3] is reachtaíocht phríomha é rialachán seachas reachtaíocht tharmligthe. Mar sin, glaoitear go minic "Achtanna" orthu (m.s. Acht um Sheirbhísí Digiteacha an Aontais Eorpaigh).
Cur síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cur síos ar rialacháin an AE le fáil in Airteagal 288, Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:[6]
- D'fhonn inniúlachtaí an Aontais a fheidhmiú, glacfaidh na hinstitiúidí rialacháin, treoracha, cinntí, moltaí agus tuairimí.
- Beidh feidhm ghinearálta ag rialachán. Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Is féidir leis an gComhairle údarás reachtaíochta a tharmligean don Choimisiún agus, ag brath ar ábhar agus feidhmiú dlí, is féidir leis an ndá fhoras dlíthe a dhéanamh.[4]
Tá ann rialacháin ón gComhairle agus ón gCoimisiún. Murab ionann is a dhéantar de ghnáth i gcórais náisiúnta, ní dhéantar idirdhealú cruinn in Airteagal 288 idir gníomhartha reachtaíochta agus riaracháin.[5]
Feidhmiú dlí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is cosúil le gníomh reachtach na mballstát é rialachán. Ní gá dó a bheith trasuite i ndlí náisiúnta isteach. Mar sin, is gníomh an-chumhachtach é i gcóras reachtaíochta an AE.
Gabhann rialachán treis ar dlíthe náisiúnta. Mar sin féin, rithtear go minic reachtaíocht ar ábhair iarmhartacha. Agus cé go bhfuil éifeachtaí díreach ag rialachán de ghnáth, thug Cúirt Bhunreachtúil na Beilge breith nach féidir le forais idirnáisiúnta, amhail is an tAE, dearbhphrionsabail de bhunreacht tíre a shárú.[7]
Fo-aicmí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seo a leanas formáid na dteideal he ghnáth:
| Rialachán | Foras/ais | Sampla PI_COM, CELEX |
|---|---|---|
| Rialachán | Parlaimint, Comhairle | 32013R0524 |
| Rialachán | Comhairle | 32000R1346 |
| Rialachán | Coimisiún | 31994R2257 |
| Rialachán Cur Chun Feidhme | Coimisiún | 32012R0923 |
| Rialachán Tarmligthe | Coimisiún | C(2021)4330 |
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nanda, Ved P. (1996). "European Union law after Maastricht: a practical guide for lawyers outside the common market". Kluwer. “The Union has two primary types of legislative acts, directives and regulations”
- ↑ "Téarma: rialachán". IATE. Dáta rochtana: 2025-11-08.
- 1 2 3 "Reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh". EUR-Lex.
- 1 2 Christine Fretten (2005-07-21). "The European Union: a guide to terminology procedures and sources". UK House Of Commons Library, International Affairs and Defence Section. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-06-12. Dáta rochtana: 2009-09-03.
- 1 2 "EU Law" (2006): 56–60. Oxford: Oxford University Press.
- ↑ "Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ... Airteagal 288". EUR-Lex. Dáta rochtana: 15ú Lúnasa 2025.
- ↑ "Rolnummers 5917, 5920, 5930 en 6127".