Rhys ap Gruffydd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rhys ap Gruffydd
Príonsa na Breataine Bige
RhysapG.png
Samhail den phríonsa ap Gruffydd ag Ardeaglais Naomh Dáibhí
Réimeas 1155–1197
Dáta breithe c. 1132
Áit bhreithe Éire
Dáta báis 28 Aibreán ,1197
Réamhtheachtaí Maredudd ap Gruffydd
Comharba Gruffydd ap Rhys II
Rítheaghlach Tewdwr
Céile Gwenllian ferch Madog

Rialóir ríocht Deheubarth i ndeisceart na Breataine Bige ab ea Rhys ap Gruffyddap Gruffydd (1132 - 28 Aibreán, 1197 ). Tugtar Yr Arglwydd Rhys sa Bhreatnais ( Gaeilge: An Tiarna Rhys) go coitianta air, ach b'féidir nár baineadh úsáid as an teideal le linn a shaoil féin. Bhain sé féin úsáid as an tideal "Prionsa Dílsithe Dheheubarth" nó "Prionsa Dheisceart na Breatiane Bige", ach tá dhá dhoiciméad a chaomhnú ina úsáideann sé an teideal princeps Wall[ie]Walliar[um] princeps. Ba cheann de na prionsaí is rathúla agus is cumhachtaí na Breataine Bige é Rhys, agus, tar éis bhás Owain Gwynedd ó Theyrnas Gwynedd sa bhliain 1170, bhí staid cheannasach bainte amach aige ar an chuid is mó den Bhreatain Bheag.

Bhí seanathair Rhys, Rhys ap Tewdwr, ina rí Deheubarth, agus mharaigh fórsaí de chuid Bernard de Neufmarche é ag Aberhonddu (Béarla: Brecon) sa bhliain 1093. Tar éis a bháis, ghabh na Normannaigh an chuid is mó de Deheubarth. Bhí athair Rhys, Rhys ap Gruffydd, faoi dheireadh, in ann a bheith ina rialóir ar chuid bheag de chríoch, agus bhuaigh deartháireacha níos sine Ryhs níos mó ar ais tar éis bháis Gruffydd.

Sa bhliain 1171 rinne conradh síochána idir Rhys agus an Rí Anraí II agus deimhníodh a sheilbh ar a ghabhálacha nua agus ceapadh é chomh maith ina Ghiúisteoir ar Dheisceart na Breataine Bige. Chothaigh sé caidreamh maith leis an Rí Anraí go dtí go bhfuair an Anraí bás sa bhliain 1189. Tar éis bháis Antaí d'éirigh Rhys amach i gcse oinne Risteard I agus d'ionsaigh sé tiarnais na Normannach máguaird, ag gabháil roinnt de na caisleáin. Ina blianta ina dhiaidh sin go raibh trioblóid a choinneáil Níos déanaí ar aghaidh, bhí deachracht ag Rhys smacht a choimeád ar a mhic, go háirithear Mhaelgwn agus Ghruffydd, a bhí in adharcha lena chéile chéile. Sheol Rhys a fheachtas míleata deireanach i gcoinne na Normannach sa bhliain 1196 agus gabhadh roinnt caisleáin. An bhliain dar gcionn sin fuair sé bás gan choinne agus adhlacadh é san Ardeaglais Naomh Dáibhí.

Ginealas agus luathshaol[athraigh | edit source]

Bhí Deheubarth ar cheann de na ríochtaí traidisiúnta sa Bhreataine Bheag, a léirítear anseo mar a bhí siad sa bhliain 1093 nuair a fuair Rhys ap Tewdwr bás .

Dara mhac Rhys ap ​​Gruffydd, rialóir ar chuid de Deheubarth, agus Gwenllian ferch Gruffydd, iníon Gruffydd ap Cynan, rí Gwynedd ab ea Rhys. Ba é Maredudd ap Gruffydd a dheartháir is sine , agus bhí beirt deartháireacha níos óige aige, Morgan agus Maelgwn. Chomh maith le sin, bhí dhá leath-dheartháireacha níos sine aige , Anarawd agus Cadell, agus ar a laghad dhá deirfiúracha, Gwladus agus Nest.