Reilig Chnocán Iaróm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Reilig Chnocán Iaróm
Íomhá
Sonraí
CineálReilig
Foirgníocht1836 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire
Map
 53°19′29″N 6°17′03″W / 53.324694°N 6.284166°W / 53.324694; -6.284166
Gníomhaíocht
ReiligiúnAn Protastúnachas agus Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Suíomh gréasáin oifigiúilmountjerome.ie

Reilig Chnocán IarómReilig Chnocán Iaróimé uaireanta (Béarla: Mount Jerome Cemetery) lonnaithe i gCros Araild i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.[1] Ó bunaíodh siar in 1836 é cuireadh breis is 300,000 míle duine ann (féach ar Daoine a cuireadh i Reilig Chnocán Iaróm). Ba reilig do Phrotastúnaigh a bhíodh ann[2] go dtí na 1920dí nuair a ligeadh Caitlicigh isteach den chéad uair.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann ainm na reilige ó eastát a bunaíodh ann ag an Reverend Stephen Jerome, a bhí ina bhiocáire ar Paróiste Naomh Caoimhínsa bhliain 1639. Ag an tráth úd bhí Crosaire Arailt mar chuid de Pharóiste Naomh Caoimhín.

Sa dara leath den 17ú céad déag, d'aistrigh úineireacht na talún go hIarla na Mí, agus chuir sé sin an talamh ar léas do chlanna cáiliúla i mBaile Átha Cliath. Tógadh teach, Teach Chnoc Iaróm, ar cheann de na ceapaigh seo, agus túgadh ar léas é do John Keogh.

Sa bhliain 1834 tar éis gur theip ar iarracht reilig a bhunú i bPáirc an Fhionnuisce, cheannaigh Comhlacht Ginearálta Reiligí Bhaile Átha Cliath an sealúchas "for establishing a general cemetery in the neighbourhood of the city of Dublin" ('le reilig ghinearálta a bunú i gcomharsanacht chathair Bhaile Átha Cliath').[3]

Leacht cuimhneacháin i gcuimhne ar Sir William Wilde agus Lady Wilde, tuismitheoirí Oscar Wilde

Bhí an Séiplín Sochraide mar an chéad eaglais Gotach Pugineach i mBaile Átha Cliath. Dhear William Atkins é.

Daoine Clúiteacha a Cuireadh ann[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na ndaoine clúiteacha a cuireadh sa reilig seo tá:[4][5]

Tá ceapach mhór ann do bhaill den Constáblacht Ríoga na hÉireann agus den Póilíní Chathair Átha Cliath.[4] Tá taisí de chuid na nUgóineach Francach ó Reilig Naomh Peadar, Rae Pheadair (san áit a bhfuil CCFÓ Bhaile Átha Cliath lonnaithe anois), a leagadh sna 1980dí, agus ó reiligí Naomh Bríghid agus Naomh Tomás curtha sa reilig.[4][9]

Thomas Kirk (1781–1845), dealbhóir,

I measc na ndaoine a cuireadh ann le deireanas tá Martin Cahill an coirpeach cáiliúil (1949–1994) ar a dtugtaí An ginearál. Rinneadh loitiméireacht ar leac a uaighe cuid mhaith agus briseadh ina dhá leath í, agus bhí an chuid ar barr de ar lár. Bogadh a chorp ó shin go huaigh gan ainm. [fíoras?]

Flóra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ceann amháin den dá sceach Paliurus spina-christi atá in Éirinn le fáil sa reilig seo (tá an ceann eile i nGarraithe Náisiúnta na Lus[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Somerville-Large, Peter (1988). "Dublin: The First Thousand Years". Belfast: The Appletree Press. ISBN 0-86281-206-2. 
  2. Scríobh James Joyce in Ulysses,"Then Mount Jerome for the protestants. Funerals all over the world everywhere every minute. Shovelling them under by the cartload doublequick. Thousands every hour. Too many in the world". Caibidil 6, eipeasóid Hades,
  3. Igoe, Vivien. Dublin Burial Grounds & Graveyards. Wolfhound Press, 2001. p. 172
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 Langtry, Joe and Nikki Carter, eds. Mount Jerome: A Victorian Cemetery. Staybro Printing Ltd., Baile Átha Cliath 1997.
  5. Boylan, Henry (1998). "A Dictionary of Irish Biography, 3rd Edition". Dublin: Gill and MacMillan. ISBN 0-7171-2945-4. 
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 6.4 Patao, Sofia (2000). "Funeral Art and Architecture". Dublin: EEC. 
  7. The Irish Times, "Final tribute to Cecil Sheridan", 8 Eanáir, 1980
  8. Irish Times, Baile Átha Cliath, 29 Eanáir 1880
  9. "St. Peter's Churchyard Excavation Report". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-17. Dáta rochtana: 2011-03-07.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]