Jump to content

Recholl Breth

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadRecholl Breth
Cineáltéacs Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhábharAn Féineachas Cuir in eagar ar Wikidata

Is téacs dlí de chuid an Fhéineachais é Breitheanna Doiléire (Sean-Ghaeilge Recholl Breth[1], brat mairbh nó taiséadaí), ina phléitear le cásanna nach bhfuil an dliteanas go láithreach bonn soiléir iontu. Baineann sé le dlí chonartha, ríthe dlisteanacha agus dlí pósta.[2]: 173 

Is é an triú téacs déag é atá le fáil san Senchas Már.

Lámhscríbhinní

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cóip iomlán amháin de Recholl Breth, le fáil i CnaT LS 1433, i dteannta le sé téacs eile ón trian lárnach den Senchas Már. Tá sleachta as le fáil i ndá lámhscríbhinn eile (CnaT LS 1336 agus 1337), agus léargais iontu. Faightear eagrán den téacs san Ancient Laws of Ireland (iml. 4, 1879), ach trí bhotún cuireadh i gcló é amhail is dá mba chuid de Din Techtugud, a thagann roimhe sa Seanchas, a phléann le seilbh talún.[3]: 24, 293 [2]: 174  Ó 2019 i leith, bhí eagrán nua á ullmhú ag Charlene Eska.[4]: 7 

Tá leaganacha éagsúla den teideal le feiceáil sna lámhscríbhinní, .i. rechull, racholl, rocholl, srl.[1] Bhí amhras ar Liam Breatnach an ceart é an focal a thuiscint mar recholl (brat mairbh) nó rocholl (millteanas).[3]: 293  Dar le Sanas Uí Dhuibhdábhoireann, foclóir dlí Nua-Ghaeilge den xxú haois, is the word mar "réasúntacht" í brí an fhocail. Is amhlaidh ámh, nach bfhuil seo ach míthuiscint mar ro + cíall.[2]: 174–175 

Tuilleadh le léamh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Recholl Breth an triú dréacht déag sa bhailiúchán dlí, an Senchas Már, suite ina lár.[3]: 293  Deirtear de ghnáth gur tiomsaíodh an Seanchas idir deireadh an 7ú agus tús an 8ú haoiseanna.[5]: 33 

Faightear in Rechall Breth 10 gcuid mar a leanas:[2]: 175–180 

  • 1, 2: codanna tosaigh, ag plé le suáilce agus ról rí i gcóras dlí.
  • 3: seachta atá ann ag plé le rí éigin nach bhfuil ina rialóir dlisteanach
  • 4: tré atá ann ag plé le bréaga "as a mbaineann dia éiric astu"
  • 5-9: ag plé le dlí chonartha (5 ina theitread agus 7 ina thré)
  • 10: ag plé le ciobhche.

Le fianaise stíl na gcodanna (tréanna, teitrid, seachtaí, maraon le codanna neamh-uimhrithe), molann Eska gur tiomsaíodh an téacs as foinsí éagsúla, leis an n-ábhar aontaitheach de dliteanas éiginnte.[2]: 181–182  Déanann Eska ceangal le Gúbretha Caratniad agus Anfuigell ina phléitear le cásanna neamhghnácha.[4]: 7  adar le hAlice Taylor-Griffiths, is "institiúid ard-léinn" don dlíodóir luathGhaelach é an téacs.[6]: 124 

  1. 1.0 1.1 eDIL s.v.recholl
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Eska, Charlene M. (2016). "Ollam: Studies in Gaelic and Related Traditions in Honor of Tomás Ó Cathasaigh": 173–184. Madison, NJ: Fairleigh Dickinson University Press. 
  3. 3.0 3.1 3.2 Breatnach, Liam (2005). "A Companion to the Corpus Iuris Hibernici" 5. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 
  4. 4.0 4.1 Eska, Charlene M. (2019). "A Raven's Battle-Cry: The Limits of Judgment in the Medieval Irish Legal Tract Anfuigell" 27. Leiden / Boston: Brill. 
  5. Eska, Charlene M. (2022). "Lost and Found in Early Irish Law: Aidbred, Heptad 64, and Muirbretha" 36. Leiden / Boston: Brill. 
  6. Taylor-Griffiths, Alice R. (2018). "Gúbretha Caratniad. Agreement and disagreement in the classroom". North American Journal of Celtic Studies 2 (2): 105–132. doi:10.26818/nortamerceltstud.2.2.0105.