Réamonn Mac Raois
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 25 Feabhra 1957 Camloch, Northern Ireland |
| Bás | 21 Bealtaine 1981 24 bliana d'aois An Cheis Fhada, Northern Ireland |
| Siocair bháis | Féinmharú (Ocras) |
| Áit adhlactha | Camloch |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Cholmáin |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | gníomhaí polaitiúil |
| Teangacha | Béarla |
| Gairm mhíleata | |
| Brainse míleata | Óglaigh Shealadacha na hÉireann |
| Eile | |
| Ciontaíodh i | iarracht ar dhúnmharú |
| Croineolaíocht | |
| 1 Márta 1981-3 Deireadh Fómhair 1981 | stailc ocrais 1981 |
B'óglach de chuid IRA Sealadach é Réamonn Mac Raois (Béarla: Raymond McCreesh, 25 Feabhra 1957 - 21 Bealtaine 1981). Gabhadh é sa bhliain 1976, le beirt eile, nuair a thriail siad luíochán a dhéanamh roimh phost breathnóireachta de chuid airm Bhriotanaigh. Ghlac sé páirt sa Stailc ocrais poblachtaigh i 1981 agus fuair sé bás i ndiaidh 61 lá.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Raymond Peter McCreesh i bPáirc Naomh Mhaoileachlainn, Camloch ar 25 Feabhra 1957. Tá ochtar páistí ag a thuismitheoirí agus bhí Raymond an seachtú is sine. Rinne sé staidéar ar an bhunscoil áitiúil agus ar Choláiste Cholmáin san Iúr. Bhí a teaghlach an-phoblachtach agus bhí McCreesh gníomhach sa ghluaiseacht nuair a bhí sé 16 d'aois. Chuaigh sé i bhFianna Éireann (eite óige den IRA) sa bhliain 1973, agus sa bhliain chéanna, chuaigh sé chun cinn an Bhriogáid Ard Mhacha Theas den IRA. D'oibrigh sé mar oibrí cruach i Lios na gCearrbhach ar feadh píosa beag ach bhí air éirí as an phost mar fuair sé bagairtí seicteacha sa baile Protastúnach. Ina dhiaidh sin, d'oibrigh sé mar fhear bainne in Ard Mhacha Theas. Sa phost seo, b'fhéidir leis faire ar patróil airm sa cheantar.
Gabháil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 25 Meitheamh 1976, thriail McCreesh, agus triúr eile, luíochán a dhéanamh roimh phost breathnóireachta de chuid airm. Bhí an post suite os comhair The Mountain House Inn, taobh amuigh de Bhéal Leice. Chonaic paratrúipéirí na fir IRA agus thosaigh siad ag scaoileadh. Scaip na hóglaigh. Ghabh beirt fear, McCreesh agus Paddy Quinn, seilbh ar theach feirme in aice láimhe. Thimpeallaigh an t-arm an teach agus scaoil siad rois piléar leis an fhoirgneamh. Tar éis tamaill, thug siad iad féin suas agus tógadh go Bunáit Airm an tSrutháin iad. Rinne sagairt áitiúla éascaigh ar a ngéilleadh. Gabhadh tríú féar, Danny McGuinness, an lá dár gcionn agus d'éalaigh an ceathrú fear san aonad.
Príosúnacht agus stailc ocrais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 2 Márta 1977, gearradh téarma príosúin 14 bliana ar McCreesh agus Quinn as iarracht dúnmharaithe, arm ina seilbh agus ballraíocht IRA. Cuireadh sa Phríosún Maze iad. Chuaigh McCreesh in agóid an bhlaincéid, agus ansin, chuaigh sé sa stailc ocrais ar 22 Márta 1981. Fuair sé bás, ar 21 Bealtaine 1981, i ndiaidh 61 lá gan bhia. Fuair Peatsaí Ó hEadhra bás ar an lá céanna.
Páirc Réamoinn Mhic Raois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2008, chuir Comhairle an Iúir agus Mhúrn ainm Mhic Raois ar pháirc shúgartha san Iúr. Tá Aontachtaithe feargach leis an chinneadh agus rinne siad gearán le Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann. Sa bhliain 2013, dúirt an coimisiún go bhfiosróidís an cinneadh go foirmiúil ach níor tharla dada dá thoradh riamh.