Ramón J. Sender

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRamón J. Sender

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(es) Ramón José Sender Garcés
3 Feabhra 1901
Chalamera, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Eanáir 1982
80 bliana d'aois
San Diego, California Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaAinrialachas
Scoil a d'fhreastail sé/síUniversidad Central Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraÚrscéal
Ainm cleiteRamón J. Sender Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Spáinnis
Teaghlach
CéileAmparo Barayón (1935–1936), bás a c(h)éile
Florence Hall (1943–1963), colscaradh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteRamon Sender
 ( )
Ramón Sender Barayón
 ( Amparo Barayón) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0784139 Musicbrainz: e08c9ea8-c9c3-4424-9a6a-fbeb10cb493a Find a Grave: 7563262 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Spáinneach ab ea Ramón José Sender Garcés (3 Feabhra, 190116 Eanáir, 1982), nó go simplí Ramón J. Sender.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Sender i sráidbhaile beag; Chalamera, sa chúige Huesca suite in Aragóin. Sa bhliain 1923 cuireadh iachall ar dul sna saighdiúirí agus bhain sé páirt i gCogadh Rif i Maracó.

D'fhill Sender ar Maidrid ag obair mar iriseoir sa nuachtán El Sol, nuachtán a cháin an rialtas go rialta ag an am.

Sa bhliain 1926 cuireadh Sender i bpríosún de bharr an saothar Casas viejas. Nuair a thosaigh Cogadh Cathartha na Spáinne sa bhliain 1936, glac Sender taobh na bpoblachtánach láithreach. Agus é ar pháirc an áir, mharaigh na Náisiúnaigh a bhean chéile, Amparo Barayon, i Zamora agus a deartháir i Huesca.

Alcolea de Cinca - Centro de interpretación Ramón J. Sender

Sa bhliain 1938 chuaigh Sender go dtí An Fhrainc agus as sin go dtí Meicsiceo agus na Stáit Aontaithe. D'fhán sé sna Stáit Aontaithe mar shaoránach Mheiriceánach go dtí an bhliain 1972, an bhliain a d'fhill sé ar an Spáinn.

Fuair Sender bás i San Diego, California ar an 16 Eanáir 1982.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é La tesis de Nancy, saothar Sender is cáiliúla. Cuireann sé síos ar thaithí agus eachtraí mic léinn Meiriceánach, Nancy, atá ag staidéar sa Spáinn.[1]

La Quinta Julieta - novela

Léann cuid mhaith de dhaltaí na Spáinne an leabhar greannmhar seo. Is cuntas fíor é, bunaithe ar litreacha a scríobh Nancy (scríofa as Béarla i dtús báire) dá haintín.

Scríobh sé leabhair pholaitiúla chomh maith, mar shampla, Réquiem por un campesino español ('sé sin Éagnairc do Tuathánach Spáinneach) nó Iman, úrscéál mar gheall ar na díospóireachtaí roimh Chogadh Cathatha na Spáinne.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. tcd.ie. "[1.doc booklist]". Dáta rochtana: 2021.