Rakuten Viber
| Cineál | cliant teachtaireachtaí meandracha, softphone (en) | ||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Bunleagan | 2010 | ||||||||||||||
| Leagan bogearraí | |||||||||||||||
| Ceadúnas | ceadúnas dílsithe | ||||||||||||||
| Saintréithe teicniúla | |||||||||||||||
| Córas oibriucháin | iOS, Android, BlackBerry OS, Guthán Windows, trasardán, Microsoft Windows, Linux agus macOS | ||||||||||||||
| Ardán | iOS, Android, Windows, Linux agus macOS | ||||||||||||||
| Formáid | íoslódáil digiteach | ||||||||||||||
| Gléas ionchuir | scáileán tadhaill, méarchlár agus luchóg | ||||||||||||||
| Scríofa i | Java, C, Python, C++ agus Objective-C | ||||||||||||||
| Foireann | |||||||||||||||
| Forbróir(í) | Rakuten | ||||||||||||||
| Dáileoir | App Store, Google Play, Xiaomi GetApps, Siopa Galaxy, Huawei AppGallery agus Siopa Microsoft | ||||||||||||||
Foinsí cóid
| |||||||||||||||
| Tuilleadh eolais | |||||||||||||||
| Láithreán Gréasáin | viber.com (Béarla) | ||||||||||||||
|
| |||||||||||||||
Ligeann an aip teachtaireachtaí Viber do dhaoine glaoch a chur ar dhaoine eile (cosúil le Whatsapp) nó teachtaireachtaí a sheoladh tríd an ngréasán domhanda.
Bunaíodh Viber Media in Iosrael sa bhliain 2010. Ceithre bliana níos déanaí, cheannaigh Rakuten (cuideachta Sheapánach) é ar $900 milliún. I mí Iúil 2017, athraíodh ainm corparáideach na cuideachta ó "Viber Media" go "Rakuten Viber". Tugtar Viber air go coitianta.
Úsáideann Viber WiFi nó sonraí soghluaiste. Tá na seirbhísí le fáil saor in aisce (hlaoanna agus teachtaireachtaí saor in aisce idir úsáideoirí Viber), nó ar chostas íseal. Ní gá ach d'uimhir ghutháin a dhearbhú
Bhí níos mó ná billiún úsáideoir ar fud an domhain ag Viber in 2024. Tá Viber an-choitianta san Oirthear na hEorpa (an Rúis, an Bhéalarúis, an Úcráin, agus an Mholdóiv), san Iaráic, sa Neipeal, sna hOileáin Fhilipíneacha.


Seirbhísí
[cuir in eagar | athraigh foinse]1. Teachtaireachtaí saor in aisce:
- Téacs, grianghraif, físeáin, comhaid
- Teachtaireachtaí gutha agus físe
- Greamáin agus GIFanna (55,000+)
2. Glaoanna saor in aisce:
- Glaoanna gutha agus físe idir úsáideoirí Viber (saor in aisce)
- Suas le 60 duine ag an am céanna
- Ardcháilíocht fuaime agus físe
3. Viber Out:
- Glaoanna ar chostas íseal chuig línte talún agus gutháin phóca (le táille)
4. Grúpaí:
- Grúpa-chomhráite le suas le 250 ball
- Pobail (Communities) - gan teorainn ar líon na mball
5. Slándáil:
- Criptiú ó cheann ceann ar gach glaoch agus teachtaireacht
- Ní féidir le duine ar bith (fiú Viber féin) na teachtaireachtaí a léamh
- Teachtaireachtaí rúnda/teachtaireachtaí a imíonn
6. Gnéithe eile:
- Sincrónú (fón, táibléad, ríomhaire)
- Botaí comhrá IS
- Nótaí agus meabhrúcháin
- Íocaíochtaí (Viber Pay i roinnt tíortha)