Radvan Markus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRadvan Markus
Beathaisnéis
Breith1979
44/45 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmléachtóir, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge

Scoláire Seiceach is ea Radvan Markus agus é ina léachtóir sa Gaeilge agus i litríocht na Gaeilge in Ollscoil Shéarlais i bPrág i bPoblacht na Seice.

Tá suim ar leith aige in eilimintí nua-aoiseacha i litríocht na Gaeilge. Tá sé ráite aige go gcuireann sé spéis mhór in údair a dhéanann iarracht ar tairbhe a bhaint as an traidisiún Gaelach agus as an nua-aoiseachas Eorpach araon.[1]

Is dóigh leis gur fiú do mhic léinn Gaeilge a fhoghlaim ar a lán cúiseanna: teanga í a bhfuil gramadach neamhchoitianta aici sa chomhthéacs Ind-Eorpach agus ar díol spéise iad na cúrsaí socheolaíochta atá ag gabháil léi; ligeann sí duit litríocht an-suimiúil a léamh; is féidir leat post maith a fháil léi mar aistritheoir san Aontas Eorpach.[2]

Ar na leabhair a d’fhoilsigh sé tá Echoes of the Rebellion: The Year 1798 in Twentieth-Century Irish Fiction and Drama (2015). Bhí sé ina chomheagarthóir ar The Politics of Irish Writing (2010), Boundary Crossings (2012) agus Tradition and Modernity (2014). Tá ailt agus aistí foilsithe aige ar Éirí Amach 1798, ar an ngaol idir an stair agus an ficsean agus ar ghnéithe de phrós na Gaeilge san fhichiú haois.[3] Tá páipéir léite aige ag comhdhálacha.[4]

Tá aistriúcháin déanta aige de L’Attaque (úrscéal le hEoghan Ó Tuairisc), de dhánta le Gearóid Mac Lochlainn agus de ghearrscéalta le Pádraic Ó Conaire. Tá sé ag obair ar leagan Seicise de Cré na Cille.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. A Czech Hibernophile: Radvan Markus (13 Bealtaine 2013): http://musethepaper.blogspot.com.au/2013/05/a-czech-hibernophile-radvan-markus.html
  2. A Czech Hibernophile: Radvan Markus (13 Bealtaine 2013): http://musethepaper.blogspot.com.au/2013/05/a-czech-hibernophile-radvan-markus.html
  3. Radvan Markus: http://ualk.ff.cuni.cz/staff/radvan-markus
  4. Comhdháil na Gaillimhe: Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaillimhe 2015: http://www.comhdhail.com/cainteoiri/ Curtha i gcartlann 2016-04-04 ar an Wayback Machine