Radairéaltra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is radairéaltra[1][2] ann ná réaltra ar foinse tonnta diana cosmacha raidió é. Níl ach ceann amháin díobh i ngach milliún réaltra. Bíonn núicléas gníomhach ann, dúpholl is dócha, a tháirgeann sreabh ollmhór leictreon is iad ag taisteal gar do luas forleata an tsolais. Nuair a theagmhaíonn siad seo le réimse maighnéadach, taistealaíonn siad ar feadh línte fórsa an réimse, ag astú radaíocht sincreatróin mar thonnta raidió. Tá cuid de na radairéaltraí an-mhór ar fad, an astaíocht raidió ag teacht ó réigiúin timpeall 300 cileaparsoic amach ó réaltra. Nuair a bhíothas ag déanamh staidéir ar ranna mar seo a thángthas ar chuasáir den chéad uair.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""radio galaxy" | téarma.ie". Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Aisghafa 2023-07-03.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag., ed. (2020). "radio galaxy — Aistriúchán Gaeilge ar radio galaxy (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)". Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-0320034510. Aisghafa 2023-07-03.
  3. Hussey, Matt (2011). "Radairéaltra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 546.