Ról na mban le linn Chogadh Vítneam
Cuma

Bhí traidisiún ársa ag frithbheartaíocht na mban i stair Vítneam. Chuidigh siad an ruaig a chur ar ionraí ón tSín, rud a spreag an nath cainte ‘nuair a thagann na naimhde, ní mór do na mná, fiú, troid’.[1]
Bhí ról lárnach ag na mná sa chogadh ar son na saoirse i gcoinne na bhFrancach sna 1950idí. Bhí mná i lár an aonaigh sa troid agus gan iad ní bheadh rath ar an streachailt ar son na saoirse náisiúnta.
Bhí mná Vítneamacha i gcroílár na buanna ba mhó i gcoinne impiriúlachas an Iarthair nuair a fuair fórsaí Vítneam an lámh in uachtar i gcoinne na Meiriceánach sna 1960idí agus 1970idí.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Kerron Ó Luain (2025-02-28). "‘Nuair a thagann na naimhde, ní mór do na mná, fiú, troid’; Streachailt na mban i Vítneam – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-03-02.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |