Ríomhghrafaic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Úsáid ríomhairí chun eolas a thaispeáint i bhfoirm ghrafach nó phictiúrtha, de ghnáth ar VDU (aonad amharcthaispeána), printéir nó breacaire. Úsáidtear í i réimse leathan feidhmeanna ó láimhseáil líníochtaí casta innealtóireachta go dtí cluichí ríomhaire, ó radhairc ardghéire in insamhlóirí aerárthach is spásárthach go dtí táirgeadh uathoibríoch scannán beochana. I gcásanna áirithe, is ealaín dhílis dá cuid féin í. Éilíonn na feidhmeanna seo ríomhaire cumasach tapa, agus deartar cuid mhaith de na ríomhairí is déanaí le riachtanais ríomhghrafaice go mór san áireamh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ríomhghrafaic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 562.