Ríocht na Sicile
| Regnum Siciliae (la) Regno di Sicilia (it) Regnu di Sicilia (scn) | |||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Príomhchathair | Palermo, Napoli, Catania agus Palermo | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 1,700,000 (1800) | ||||
| Teanga oifigiúil | an Laidin an Ghréigis an Araibis an tSicilis | ||||
| Reiligiún | Caitliceachas | ||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Cruthú | 1130 | ||||
| Díscaoileadh | 1816 | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Córas rialtais | monarcacht agus monarcacht fheodach | ||||
| Eacnamaíocht | |||||
| Airgeadra | Sicilian piastra (en) | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Ba stát í Ríocht na Sicile (Laidin: Regnum Siciliae; Iodáilis: Regno di Sicilia[1][2][3][4]) a bhí ann sa tSicil agus i Leithinis theas na hIodáile chomh maith, ar feadh tamaill, i dTuaisceart na hAfraice, óna bhunú ag Roger II na Sicile sa bhliain 1130 go dtí an bhliain 1816. Stát comharba Chontae na Sicile a bhí ann, a bunaíodh sa bhliain 1071 le linn choncas na Normannach ar an leithinis theas. Roinneadh an t-oileán ina thrí réigiún : Val di Mazara, Val Demone agus Val di Noto.
Tar éis réimis ghearr ag Charles Anjou, chuir éirí amach sa bhliain 1282 ar a dtugtar Vesper na Sicile deireadh le riail na nAinsivíneach ar oileán na Sicile. D'éirigh leis na hAinsivínighsmacht a choinneáil ar an gcuid mhórthír den ríocht, a tháinig chun bheith ina heintiteas ar leithligh ar a dtugtar Ríocht na Sicile freisin, cé go dtugtar Ríocht Napoli uirthi go neamhfhoirmiúil agus go cúlghabhálach. Ar an láimh eile, tháinig Ríocht na Sicile ar an oileán (ar a dtugtar Ríocht Trinacria freisin idir 1282 agus 1442 [5][6] agus Ríocht na Sicile ar an taobh eile den Teach Solais idir 1282 agus 1816) chun bheith ina leas-ríogaíocht leath-neamhspleách faoi rialú gaolta Thealach Barcelona, agus ansin cuireadh go buan le Coróin Aragon í mar thoradh ar Chomhréiteach Caspe i 1412, agus ag an am céanna méid áirithe dá neamhspleáchas roimhe seo á choinneáil aici.[7][8] I ndiaidh aontas ríoraíoch choróin Castile agus Aragon (1469–1479), neartaigh smacht na Spáinne ar an tSicil, rud a chuir ar chumas níos fusa Cúistiúnacht na Spáinne deireadh a chur le pobail neamh-Chaitliceacha ar fud gach tiarnas Spáinneach.[9] Le linn Chogadh Chomharbas na Spáinne (1700–1714), ghlac Teaghlach Shaváí seilbh ar an oileán. Sa bhliain 1720, thug an tSaváí don Ostair í mar mhalairt ar an tSairdín. Ina dhiaidh sin, rialaigh brainse de na Búrbónaigh an t-oileán. I ndiaidh ré Napoléon, rinneadh Ríocht na Sicile a chumasc go foirmiúil le Ríocht Napoli chun Ríocht an Dá Shicil a chruthú, a tháinig chun bheith ina cuid de Ríocht aontaithe nua na hIodáile sa bhliain 1861.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Concas na Normannach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoin 11ú haois, bhí cumhachtaí Lombardacha agus Biosántacha i ndeisceart na mórthíre ag fostú saighdiúirí Normánacha ar tuarastal, sliocht de chuid na Lochlannach i dtuaisceart na Fraince; ba iad na Normannaigh faoi Roger I a chloígh an tSicil, agus í a thógáil ó Mhoslamaigh na Sicile. Tar éis dó Apulia agus Calabria a ghabháil, ghabh Roger Messina le harm de 700 ridire. Sa bhliain 1068, chloígh Roger I agus a chuid fear na Moslamaigh ag Misilmeri, ach ba é Léigear Palermo an cath ba chinniúnaí, rud a d'fhág go raibh an tSicil go hiomlán faoi smacht na Normannach faoin mbliain 1091.[10]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Documenti per servire alla storia di Sicilia: Diplomatica, Volumes 14-16" (as it) (1891-01-01). U. Manfredi Editori.
- ↑ Vio, Michele Del (1706-01-01). "Felicis, et fidelissimæ urbis Panormitanæ selecta aliquot ad civitatis decus, et commodum spectantia privilegia per instrumenta varia Siciliæ... opera don Michaelis De Vio.." (as it). in palatio senatorio per Dominicum Cortese.
- ↑ Gregorio, Rosario (1833-01-01). "Considerazioni sopra la storia di Sicilia dai tempi normanni sino al presenti, Volume 3" (as it). dalla Reale Stamperia.
- ↑ "Parlamenti generali del regno di Sicilia dall' anno 1446 sino al 1748: con le memorie istoriche dell' antico, e moderno uso del parlamento appresso varie nazioni, ed in particolare della sua origine in Sicilia, e del modo di celebrarsi, Volume 1" (as it) (1749-01-01). Presso P. Bentivenga.
- ↑ Gillespie (2016). "The Causes of War: Volume II: 1000 CE to 1400 CE" II: 115. Hart Publishing.
- ↑ Merlo (1981). "Basso Medioevo" (in Italian): 535. Italy: Il Mulino.
- ↑ Allan W. Atlas (1985). "Music at the Aragonese court of Naples". Cambridge University Press. ISBN 0-521-24828-0.
- ↑ Rzhevskaya (31 March 2025). "THE COMPROMISE OF CASPE: AN EPISODE FROM THE HISTORY OF PEACEFUL DISPUTE SETTLEMENT": 241–243. European Political and Law Discourse. “Page 241: On March 29 1412 the nine electors got down to their task in an Aragonese town of Caspe and on June 25 they declared the Castilian prince don Fernando elected. Fernando de Antequera was solemnly proclaimed King of Aragon three days later.”
- ↑ N. Zeldes (2003). "The Former Jews of This Kingdom: Sicilian Converts After the Expulsion, 1492–1516": 5, 69, 296–97. BRILL. ISBN 90-04-12898-0.
- ↑ "Chronological - Historical Table Of Sicily". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Iúil 2016. Dáta rochtana: 7 Márta 2026.
- Ailt le téacs i Laidin
- Ailt le téacs san Iodáilis
- Ríochtna na Sicile
- Stair na Sicile
- An tSicil Mheánaoiseach
- Stair mheánaoiseach na hIodáile
- Athbheochan na hIodáile
- Críocha Choróin na hAragóine
- Cogaí Napoléon
- Stáit agus críocha a bunaíodh sa bhliain 1130
- Stáit agus críocha a díbhunaíodh sa bhliain 1816
- Stáit na hIodáile
- Iar-mhonarcachtaí na hEorpa
- Impireacht na Spáinne san Iodáil
- 1130
