Ríocht Dhuibhlinne
Ríocht Dhuibhlinne | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Príomhchathair | Baile Átha Cliath | ||||
Daonra | |||||
Reiligiún | creideamh na Sean-Lochlannach | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 839 | ||||
Díscaoileadh | 1171 |
Ríocht Lochlannach in Éirinn ó thart ar 853 AD go 1170 AD ab ea Ríocht Dhuibhlinne (Sean-Lochlainnis: Dyflin[1]). Ba í an chéad ríocht Lochlannach in Éirinn, agus an ceann a mhair an tréimhse is faide. Slua Lochlannach a rinne ionradh ar chósta thoir na hÉireann sa 9ú haois a bhunaigh an ríocht. Chuimsigh an chríoch an chuid is mó de Chontae Bhaile Átha Cliath mar atá sé sa lá atá inniu ann.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is in Annála Uladh a luadh na Lochlannaigh den chéad uair. Seo é an chéad iontráil don bhliain 841 AD: “Gennti for Loch Eachach beós” (Nua-Ghaeilge: “Gintlithe fós ar Loch nEathach”). Is ón dáta seo ar aghaidh a fhaightear tagairtí do longfoirt Lochlannacha in Éirinn. Seans gurbh é 840–841AD an chéad gheimhreadh a chaith na Lochlannaigh in Éirinn. Ba mhinic a bhí comhríthe i gceannas ar Ríocht Dhuibhlinne, agus uaireanta Ríthe Jórvík ón réigiún ina bhfuil Yorkshire anois. Faoi cheannas na ríthe seo, ba í Duibhlinn an calafort sclábhaíochta ba mhó in Iarthar na hEorpa.[2][3] Thugtaí Dyflinnar skíði (“Sír Dhuibhlinne”) ar an gcúlchríoch thart ar Bhaile Átha Cliath le linn na tréimhse seo.[4] D’éirigh na lonnaitheoirí níos Gaelaí de réir a chéile, agus forbraíodh cultúr sincréatach a chomhcheangail gnéithe de chultúr na Lochlannach le cultúr na nGael.
Sa bhliain 988, bhí Máel Sechnaill mac Domnaill i gceannas ar an gcéad ghabháil Ghaelach ar Bhaile Átha Cliath. Sin an fáth a ndeirtear gur bunaíodh Baile Átha Cliath in 988, cé go raibh lonnaíocht ann beagnach míle bliain roimh an dáta sin.
Buaileadh mona i mBaile Átha Cliath thart ar 995, agus ar Oileán Mhanann timpeall 1025.[5]
Faoi lár an 11ú haois, bhí Ríocht Laighean ag imirt tionchair ar Dhuibhlinn. Mharaigh na hionróirí Normannacha Ascall mac Ragnaill, an rí deireanach ar Dhuibhlinn, sa bhliain 1171.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]In aimsir na síochána, shín an ríocht chomh fada ó dheas le Cill Mhantáin (Wykinglo), Gleann Daingin in aice le Baile Coimín, Léim an Bhradáin (Lax Hlaup) siar ó Bhaile Átha Cliath, agus na Sceirí (Skere) ó thuaidh. Ainmníodh ceantar Fhine Gall lastuaidh de Bhaile Átha Cliath i ndiaidh na Lochlannach a bhí ina gcónaí ann.
Ríthe Dhuibhlinne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rí | Blianta |
---|---|
Amlaíb Conung | c. 853–871 |
Ímar | c. 857–873 |
Auisle | c. 863–867 |
Oistin mac Amlaíb* | 873–875 |
Bárid mac Ímair | 873–881 |
Albann^ | 875–877 |
Sichfrith mac Ímair | 881–888 |
Sitriuc mac Ímair | 888–893/896 |
Sichfrith Jarl^ | 893-? |
Glúniarann* | ? |
Ímar ua Ímair | ?-902 |
Thréig na Lochlannaigh Baile Átha Cliath ó 902 go 917. | |
Sihtric ua Ímair (a.k.a. Sihtric Cáech) | 917–921 |
Gofraid ua Ímair | 921–934 |
Olaf Guthfrithson | 934–941 |
Blácaire mac Gofrith | 941–945 |
Sigtrygg (Sitric)[fíoras?] | 941–943 |
Amlaíb Cuarán | 945–947 |
Blácaire mac Gofrith | 947–948 |
Gofraid mac Sitriuc | 948–951 |
Amlaíb Cuarán | 952–980 |
Glúniairn | 980–989 |
Ivar of Waterford or Sigtrygg Silkbeard | 989–993 |
Ivar of Waterford | 994–995 |
Sigtrygg (Sitric) Silkbeard Olafsson | 995–1036 |
Echmarcach mac Ragnaill | 1036–1038 |
Ímar mac Arailt | 1038–1046 |
Echmarcach mac Ragnaill | 1046–1052 |
Murchad mac Diarmata | 1052–1070 |
Diarmait mac Mail na mBo | 1070–1072 |
Toirdelbach Ua Briain | 1072 |
Gofraid mac Amlaíb meic Ragnaill | 1072–1075 |
Domnall mac Murchada | 1075 |
Muirchertach Ua Briain | 1075–1086 |
Donnchad mac Domnaill Remair | 1086–1089 |
Gofraid Crobán | c. 1091–1094 |
Domnall mac Taidc | |
Domnall Gerrlámhach | |
Magnús berfœttr | 1102–1103 |
Domnall Gerrlámhach | |
Diarmait mac Énna meic Murchada | ×1117. |
Domnall Gerrlámhach | 1117–1118 |
Toirdelbach Ua Conchobair | ×1118 |
Énna Mac Murchada | ×1122–1126 |
Conchobar Ua Conchobair | 1126–1127 |
Conchobar Ua Briain | 1141–1142 |
Ottar mac meic Ottair | 1142–1148 |
Ragnall mac Torcaill | 1144×1146 |
Brodar mac Torcaill | ×1160 |
Gofraid mac Amlaíb | 1150s or 1160s |
Ascall mac Ragnaill | ×1170 |
^ Faoi dhíospóid *Tuairimeach
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Clarke (1995). "Medieval Dublin, the making of a metropolis". Irish Academic Press. ISBN 978-0716524595.
- ↑ Downham (May–June 2009). “The Viking slave trade: entrepreneurs or heathen slavers?”. History Ireland. History Publications Ltd. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-08-09. Dáta rochtana: 2020-01-31.
- ↑ O'Donnell (2013-04-23). “The Slave Market of Viking Dublin”. Around the World in Eighty Years. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-07-17. Dáta rochtana: 2020-01-31.
- ↑ Church (2021). "Why Are There Very Few Scandinavian Place-names in Ireland?". Northern Studies 52: 22–37.
- ↑ Barrett (2016) p. 4.