Réscaipeadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scaipeadh solais ag meán tréshoilseach. I soilsiú i stiúideo grianghrafadóireachta, cuirtear leathán fabraice miotalaí, rianpháipéir nó plaistigh eitseáilte áit éigin os comhair an lampa chun an solas a réscaipeadh agus soilsiú níos boige uilethreoiche a tháirgeadh. Uaireanta úsáidtear dioscaí nó líonta réscaipthe, déanta as fabraic an-mhín, a chuirtear os comhair lionsa an cheamara chun géire na híomhá a laghdú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Réscaipeadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 557.