Réigiún an Oirdheiscirt
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Stát ceannasach | Éire | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Cód NUTS | IE052 | |||

Is ceantar straitéiseach pleanála é Réigiún an Oirdheiscirt laistigh de Réigiún an Deiscirt. Faoin aicmiú NUTS le Eurostat, is réigiún leibhéal III é, le cód IE052.[1]
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an réigiún suite ar imeallbhord oirdheiscirt na hÉireann le Muir Éireann agus Muir Bhreatan lastoir agus leis Aigéan Atlantach taobh ó dheas. Tá ann na contaetha Cheatharlach, Cill Chainnigh agus Loch Garman, agus Cathair agus Contae Phort Láirge. Tá achar 7,198 km2 aige, 10.2% den iomlán sa stát.
Tá ann i Réigiún an Oirdheiscirt na tránna is faide i nÉirinn, roinnt sliabhraonta (amhail is Sléibhte an Chomaraigh agus An Charraig Dhubh) agus aibhneacha (amhail is an Fheoir, An tSiúir agus an Bhearú). Is é an ceantar is grianmhara i nÉirinn agus tugtar "Thoir Theas na Gréine" mar ainm ceana air.[2][3][4]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá stair ilchineálach ag Oirdheisceart na hÉireann. Lonnaigh na Lochlannaigh sna bailte Port Láirge agus Loch Garman, agus d'fhás cathair Chill Chainnigh thart ar baile trádála Normannach.
Ón mbliain 1994 go dtí 2014, bhí an ceantar faoi riail Údarás Réigiúnach an Oirdheiscirt.[5]
Sa bhliain 2014, cuireadh deireadh leis na hÚdaráis Réigiúnacha agus bunaíodh ina n-ionad na Tionóil Réigiúnacha.[6]
Tionól Réigiúnach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig Tionól Réigiúnach an Deiscirt i réim sa bhliain 2014, agus as sin tagann Coiste Straitéiseach Pleanála an Oirdheiscirt.[7]
Rinneadh athruithe do rialtas áitiúil sa bhliain 2014:
- Aontaíodh Contae Thiobraid Árann Thuaidh agus Contae Thiobraid Árann Theas le chéile i gceantar rialtais áitiúil amháin, Contae Thiobraid Árann,
- Rinneadh Comhairle Cathrach Phort Láirge agus Comhairle Contae Phort Láirge a chónascadh.
Mar thoradh, laghdaíodh líon na gcomhairlí san Oirdheisceart óna 6 go dtí a 4. Roimh an athrú, bhíodh 23.8% den réigiún i dTiobraid Árann Theas, agus 19.1% dá dhaonra.
Ní dhearnadh na hathruithe sna haonaid NUTS 3 go dtí mí an Mheithimh 2018, i ndiaidh cur i ngníomh an Rialacháin ón gCoimisiún (EU) 2016/2066.[8][1]
Is iad seo a leanas údaráis iar-2014 an Oirdheiscirt:
- Comhairle Contae Cheatharlach
- Comhairle Contae Chill Chainnigh
- Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge
- Comhairle Contae Loch Garman
Déimeagrafaíocht agus cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir an daonáirimh 2016, bhí daonra 422,062 guine sa réigiún. Níos dearanaí sa daonáireamh 2022 census, bhí daonra 456,228 ina gcónaí ann, 'sé sin, 8.90% de dhaonra iomlán an stáit the national population. Its population density was 58.6 persons per km2. Sa phríomhchathair Port Láirge, bhí daonra 53,504 duine.
Tá ina gcónaí sa réigiún níos mó ná 16,000 dalta, agus ann na campais Phort Láirge agus Loch Garman d'Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt. Ó thaobh is also home to global company brand names such as Glanbia; Bausch & Lomb; Red Hat; Zurich Insurance Group; Burnside Engineering; and Cartoon Saloon.
Bíonn i gcónaí ard mharaithe ag an réigiún ó thaobh caighdeán na beatha de. Is mór le rá iad a chuid féilí éagsúlachta, amhail is Féile Ceoldráma Loch Garman, Féile Theach na Buiríse, Féile Ealaíon Chill Chainnigh agus Féile Spraoi.
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhás geilleagar an Oirdheiscirt go vvv le linn an deich mbliana seo caite. Tá earnála geilleagracha tréana ann in innealtóireacht, eolaíocht na beatha, seirbhísí airgeadais, teicneolaíocht faisnéise agus chumarsáide (TFC), gnó agraibhia agus na healaíona. Dar le Eurostat, tá an réigiún sa 6ú háit san AE ó thaobh fás fostaíochta de (2012–2017) agus sa 7ú háit ó thaobh fás Oll-BhreisLuach (OBL) an duine.
Bhí olltáirgeacht intíre (OTI) de €15,513m ag an réigiún sa bhliain 2017, agus ioncam an duine ag 90.5% den mheán sa stát. Sa bhliain 2019 bhí ráta dífhostaíochta de 8.1% ann.[9]
Ó thaobh turasóireachta de, mealltar suas le 1 milliún duine an bhliain chuig an réigiún, a bhuí lena suíomhanna nádúrtha, staire agus seandálaíochta,.[10]
Iompar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá geilleagar an réigiúin tacaithe ag bonneagar maith iompair, ina measc dhá phort idirnáisiúnta (Calafort Ros Láir); Aerfort Phort Láirge; líonra mótarbhealaigh nua; agus neasacht le Baile Átha Cliath.
Mór-lonnaíochtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá daonra níos mó ná 20,000 duine i ngach príomhbaile an réigiúin. Tá líonra bailte agus sráidbhailte scaipthe go cothrom ar fud an réigiúin. Tá tionscnamh lonnaíocht tuaithe ann fosta.
Seo a leanas liosta desna deich lonnaíocht is mó atá i Réigiún an Oirdheiscirt. Dírítear aird ar phríomhbhailte contae le cló trom.
| # | Baile | Contae | Daonra (2016) |
|---|---|---|---|
| 1 | Port Láirge | Port Láirge | 53,504 |
| 2 | Cill Chainnigh | Cill Chainnigh | 26,512 |
| 3 | Ceatharlach | Ceatharlach | 24,272 |
| 4 | Loch Garman | Port Láirge | 20,188 |
| 5 | Inis Córthaidh | Loch Garman | 11,381 |
| 6 | Trá Mhór | Port Láirge | 10,381 |
| 7 | Guaire | Loch Garman | 10,366 |
| 8 | Dún Garbháin | Port Láirge | 9,227 |
| 9 | Ros Mhic Thriúin | Loch Garman | 8,040 |
| 10 | An Tulach | Ceatharlach | 4,673 |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Revision to the Irish NUTS2 and NUTS3 regions". Príomh-Oifig Staidrimh. Dáta rochtana: 23ú Aibreán 2023.
- ↑ Finnan, Sarah. "The Great Getaway: How to spend two days in the Sunny South East". Image. Dáta rochtana: 31ú Eanáir 2025.
- ↑ O'Connor, Siobhan. "Siobhan O'Connor discovers Ireland's sunny South East can feel like the Riviera". Irish Mirror. Dáta rochtana: 31ú Eanáir 2025.
- ↑ "The Sunny South-East". RTÉ. Dáta rochtana: 31ú Eanáir 2025.
- ↑ An tAcht um Rialtas Áitiúil, 1991 (Údaráis Réigiúnacha) {Bunú} Ordú 1993, Sínithe ar an 20ú Nollaig 1993. Ionstraim Reachtúil Rialtas na hÉireann. Faighte ó Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an 25ú Feabhra 2022
- ↑ Local Government Act 1991 (Regional Authorities) (Amendment) Order 2014 (I.R. Ui. 228/2014). Sínithe ar an 29ú Meitheamh 2014. Ionstraim Reachtúil Rialtas na hÉireann. Faighte ón Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an 24ú Márta 2019.
- ↑ Local Government Act 1991 (Regional Assemblies) (Establishment) Order 2014 (I.R Ui. 573/2014. Sínithe ar an 16ú Nollaig 2014. Sínithe ar an 29ú Meitheamh 2014. Ionstraim Reachtúil Rialtas na hÉireann. Faighte ó Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an 24ú Márta 2019.
- ↑ "Commission Regulation (EU) 2016/2066 amending the annexes ... [of] ... NUTS". EUR-Lex. Dáta rochtana: 15ú Lúnasa 2025.
- ↑ "Labour Force Survey (LFS) Quarter 2 2019 - CSO". Príomh-Oifig Staidrimh.
- ↑ "Regions of Ireland: the South-East". The Irish Regions Office.
