Réigiún an Lár-Oirthir
| Suíomh | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| |||||
| Stát ceannasach | Éire | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Cód NUTS | IE062 | ||||

Is ceantar straitéiseach pleanála é Réigiún an Lár-Oirthir laistigh de Réigiún an Oirthir agus Lár Tíre. Faoin aicmiú NUTS le Eurostat, is réigiún leibhéal III é, le cód IE062.[1]
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Réigiún an Lár-Oirthir suite thart timpeall phríomhchathair na tíre, Baile Átha Cliath, agus imeallbhord aige ar Mhuir Éireann ó thuaidh agus ó dheas. Tá ann contaetha Lú, na Mí, Chill Dara agus Chill Mhantáin. Tá achar 6,891 km2 aige, 'sé sin 9.8% den iomlán sa stát.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Roimh an mbliain 2014, bhí an ceantar rialaithe ag Údarás Réigiúnach an Lár-Oirthir. Bhíodh ann 21 teachta, ainmnithe as trí Údarás mar a leanas:[2]
Bhí ann san áireamh fosta an t-ionadaí ar Choiste Eorpach na Réigiún.[3] Bhuaileadh iad siúd uair sa mhí.
Cuireadh deireadh leis an údarás sa bhliain 2014 agus tháinig na tionól réigiúnach ina ionad.[4]
Tionól Réigiúnach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre i réim sa bhliain 2014, agus as sin tagann Coiste Straitéiseach Pleanála an Oirdheiscirt.[5]
D'ainneoin go bhfuil chomh-theorainn idir Contae Lú agus an Tuaisceart, tógadh an chontae as Réigiún na Teorann, de bharr a shuíomh ar Chonair Átha Cliath–Béal Feirste agus a cheangail eacnamaíocha le Mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Agus in ainneoin a mhéad, tá anois an dá chathair is mó sa réigiún suite sa chontae, .i., Droichead Átha agus Dún Dealgan.[6][1]
Ní dhearnadh na hathruithe sna haonaid NUTS 3 go dtí mí an Mheithimh 2018, i ndiaidh cur i ngníomh an Rialacháin ón gCoimisiún (EU) 2016/2066.[7][1]
Mar thoradh an athrú úd, mhéadaigh líon na gcontaetha sa Lár-Oirthear óna 3 go dtí a 4. Is iad seo a leanas údaráis iar-2014 an Lár-Oirthir:
- Comhairle Contae Lú
- Comhairle Contae na Mí
- Comhairle Contae Chill Dara
- Comhairle Contae Chill Mhantáin
Déimeagrafaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dar leis an daonáireamh 2022, bhí daonra of 764,154 duine sa Lár-Oirthir, 'sé sin 14.84% den iomlán sé stát.[8][2] Bhí dlús daonra 100 duine per km2 ann, ag dara is mó sa stát.[2] Is é Cill Dara an chontae is mó ó thaobh daonra, agus an Mhí ó thaobh achair de. Is é Contae Lú an contae is lú ó thaobh idir achar agus daonra.
| Contae | Achar (km2) | Daonra | % daonra. | Athrú 2016-2022 |
|---|---|---|---|---|
| Lú | 826 | 139,703 | 18.28% | |
| an Mhí | 2,342 | 220,282 | 28.89% | |
| Cill Dara | 1,695 | 222,130 | 32.42% | |
| Cill Mhantáin | 2,027 | 155,581 | 20.39% |
Gaeltacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá ann i Réigiún an Lár-Oirthir dhá Ghaeltacht bheaga, an dís suite i gContae na Mí, ag Ráth Chairn agus Baile Ghib. Ní fhaightear a leithéid in aon áit eile i gcúige Laighean. Bunaíodh iad ag imircigh as Contae na Gaillimhe sna blianta 1935 agus 1937 faoi seach. Níl iontu ach 1,771 cainteoir dhúchasacha Gaeilge, scaipthe amach thar achar 44 km2.
Dar leis an daonáireamh 2016, seo a leanas líon cainteoirí na Gaeilge sa Lár-Oirthear: Cill Dara (40.2%), an Mhí (38.6%), Cill Mhantáin (36.6%) agus an Lú (34.1%).[9]
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dar le sonraí le Eurostat don bhliain 2012, tá olltáirgeacht intíre (OTI) de €13,316 bn agus OTI per capita de €24,700.[10] De réir sonraí ón bPríomh-Oifig Staidrimh foilsithe i mí Feabhra 2017, bhí ráta dífhostaíochta de 5.3% ann, an ráta is lú sa tír.[11]
Tá ceantair mhóra uirbeacha sa réigiún, agus cúig bhaile is fiche le daonraí níos mó ná 5,000.[8] Tá líon suntasach daoine fostaithe i dtionscail déantúsaíochta sa réigiún. Tá ann tionscail ardteicniúla amhail is Léim an Bhradáin agus Bré. Ach is ceantar tuaithe é go formhór, le 69% den talamh faoi fheirmeoireacht.
Mealltar turasóirí go dtí an réigiún ag suíomhanna mór le rá amhail is Caisleán Bhaile Átha Troim, Ardeaglais Chill Dara, Brú na Bóinne agus Gleann Dá Loch. I measc gnéithe suntasacha talún tá an Life, Sléibhte Chill Mhantáin agus An Currach, mór-ionad graífheirmeoireachta.
Mór-lonnaíochtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ann a réigiún seacht mbaile is fiche agus daonra níos mó ná 5,000 duine acu (11 i gCill Dara, 8 sa Mhí, 5 i gCill Mhantáin agus 3 i gContae Lú).[8]
Seo a leanas liosta desna deich lonnaíocht is mó atá i Réigiún an Oirdheiscirt. Dírítear aird ar phríomhbhailte contae le cló trom.


| # | Baile | Contae | Daonra (2022) |
|---|---|---|---|
| 1 | Droichead Átha | Lú | 44,135 |
| 2 | Dún Dealgan | Lú | 43,112 |
| 3 | an Uaimh | an Mhí | 33,886 |
| 4 | Bré | Chill Mhantáin | 33,512 |
| 5 | an Nás | Cill Dara | 26,180 |
| 6 | Droichead Nua | Cill Dara | 24,366 |
| 7 | Na Clocha Liatha | Chill Mhantáin | 22,009 |
| 8 | Cill Droichid | Cill Dara | 20,601 |
| 9 | Má Nuad | Cill Dara | 17,259 |
| 10 | Léim an Bhradáin | Cill Dara | 16,733 |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 "Revision to the Irish NUTS2 and NUTS3 regions". Príomh-Oifig Staidrimh. Dáta rochtana: 23ú Aibreán 2023.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 "Regions of Ireland: The Midlands". Irish Regions Office (archive). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-01-10. Dáta rochtana: 2025-08-21.
- ↑ An tAcht um Rialtas Áitiúil, 1991 (Údaráis Réigiúnacha) {Bunú} Ordú 1993, Sínithe ar an 20ú Nollaig 1993. Ionstraim Reachtúil Rialtas na hÉireann. Faighte ó Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an 25ú Feabhra 2022
- ↑ Local Government Act 1991 (Regional Authorities) (Amendment) Order 2014 (I.R. Ui. 228/2014[nasc briste go buan]). Sínithe ar an 29ú Meitheamh 2014. Ionstraim Reachtúil Rialtas na hÉireann. Faighte ón Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an 24ú Márta 2019.
- ↑ Local Government Act 1991 (Regional Assemblies) (Establishment) Order 2014 (I.R Ui. 573/2014[nasc briste go buan]). Sínithe ar an 16ú Nollaig 2014. Sínithe ar an 29ú Meitheamh 2014. Ionstraim Reachtúil Rialtas na hÉireann. Faighte ó Leabhar Reachtanna na hÉireann ar an 24ú Márta 2019.
- ↑ "Revisions to NUTS Level II". Western Development Commission. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-02-07. Dáta rochtana: 2025-08-27.
- ↑ "Commission Regulation (EU) 2016/2066 amending the annexes ... [of] ... NUTS". EUR-Lex. Dáta rochtana: 15ú Lúnasa 2025.
- ↑ 8.0 8.1 8.2 "Census 2022 - F1004A - Population". Príomh-Oifig Staidrimh (Lúnasa 2023). Dáta rochtana: 16ú Meán Fómhair 2023.
- ↑ "Irish language and the Gaeltacht". Príomh-Oifig Staidrimh.
- ↑ "Eurostat - Data Explorer". Dáta rochtana: 2014-10-06.
- ↑ "Quarterly National Household Survey Quarter 4 2016". Príomh-Oifig Staidrimh.
